Méid an Téacs

Bliain na Gaeilge 2013 le seoladh ag Oireachtas na Samhna

Deireadh Fómhair 30, 2012

Seolfar Bliain na Gaeilge 2013 i measc na nGael le linn Oireachtas na Samhna in Óstán an Mount Errigal i Leitir Ceanainn ag 1 a chlog ar an Satharn, 3 Samhain 2012, an deireadh seachtaine seo.

Tá bliain ollmhór á heagrú i 2013 le céad fiche bliain d’athbheochan na Gaeilge á cheiliúradh ar fud na tíre seo agus thar lear an bhliain seo chugainn. Is féile bhliana ar son na teanga í Bliain na Gaeilge, áit a mbeidh imeachtaí spraíúla éagsúla á n-eagrú ar bhonn áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta chun an pobal a spreagadh lena gcuid Gaeilge a úsáid go rialta.

Le cúpla mí anuas, bhí eagraíochtaí Gaeilge éagsúla, grúpaí pobail agus grúpaí cultúir eile ag bualadh le chéile gach mí ag obair ar an tionscadal seo.

Beidh féilire d’imeachtaí á cur i dtoll a chéile do 2013 leis an nGaeilge a spreagadh, a neartú agus a chur chun cinn i measc an phobail ar bhonn uile-Éireann, agus buaicphointí a bheith mar chuid lárnach den fhéilire seo.

Tabharfaidh sé seo ardán náisiúnta do ghrúpaí áitiúla i ngach áit sa tír agus thar lear chun iad a spreagadh le príomhpháirt a imirt i mBliain na Gaeilge agus beidh deis ag an rialtas, na gníomhaireachtaí stáit áitiúla, na heagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta, scoileanna, cumainn óige, Comhaltas Ceoltóirí Éireann, TG4, RTÉ, Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ) agus eile a bheith mar phríomhpháirtithe leasmhara i mBliain na Gaeilge 2013.

Beidh The Gathering Ireland nó Tóstal Éireann 2013 ar siúl an bhliain seo chugainn chomh maith, agus táthar ag súil nascadh leo siúd chun neart imeachtaí Gaelacha a eagrú i rith na bliana, chun naisc níos láidre a chruthú idir muintir na tíre seo agus ár gcultúr láidir agus ár dteanga dhúchais.

Beidh sraith de thóstail idirnáisiúnta agus d’imeachtaí áitiúla chomh maith le féilte, ceolchoirmeacha, imeachtaí spóirt, ceol, drámaíocht, litríocht agus damhsa ar bun ar son na Gaeilge ar fud na tíre i gcaitheamh 2013.

Tá suíomh nua www.gaeilge2013.ie le gach eolas faoi Bhliain na Gaeilge ag teacht go luath, agus déanfar an togra teanga a sheoladh go náisiúnta i measc an phobail Dé Domhnaigh, 25 Samhain 2012.

Is suíomh nua ildaite a bheidh i gceist le suíomh Bhliain na Gaeilge, le neart eolais ar imeachtaí Gaelacha agus Gaeilge a bheith ar siúl ar fud na cruinne le linn an cheiliúrtha sa bhliain 2013.

Beidh an liosta ollmhór seo d’imeachtaí in áiteanna ina bhfuil Gaeltacht nó Cumainn Ghaelacha bunaithe agus a ndéanann na Gaeil freastal orthu, ar fáil ag www.gaeilge2013.ie amach anseo. Beidh daoine i gCeanada, sna Stáit Aontaithe agus ar fud na hEorpa, san Áise agus san Astráil ábalta a fháil amach céard go díreach atá á reáchtáil ina gceantar féin leis an áis iontach nua seo.

Is féidir teacht ar a thuilleadh eolais maidir le Bliain na Gaeilge 2013 ar www.facebook.com/gaeilge2013 nó ar Twitter @gaeilge2013.