Méid an Téacs

Borradh faoi líon na Naíonraí sa tír

Meitheamh 28, 2011

Tá borradh ollmhór faoi líon na naíonraí atá á n-oscailt ar fud na tíre le cúpla bliain anuas. Faoi láthair tá go leor folúntas atá bainteach leis an réimse oibre seo fógartha i naíonraí éagsúla in Uíbh Fháilí, Cill Chainnigh, Cill Dara, Baile Átha Cliath, Trá Lí agus Cill Mhantáin.

Is poist lánaimseartha agus pháirtaimseartha atá i gceist do dhaoine atá cáilithe chun tabhairt faoi phoist amhail Stiúrthóir Naíonra agus stiúrthóirí cúnta.

Tháinig méadú suntasach ar an méid naíonraí nua atá oscailte ar fud na tíre le dhá bliain anuas. Sa bhliain 2009 d’oscail cúig naíonra nua, anuraidh osclaíodh seacht gcinn déag nua agus i mbliana tá sé beartaithe go mbeidh breis is fiche naíonra nua oscailte i gceantair  éagsúla ar fud na tíre ag tús na scoilbhliana.

Ag tagairt don bhorradh faoi lion na naíonraí sa tír le blianta beaga anuas dúirt Seán Ó hAdhmaill atá ag obair mar Oifigeach Forbartha le Forbairt Naíonraí Teoranta “go raibh dhá phríomhchúis leis an méadú suntasach seo” , dúirt sé “gur chuir An Scéim um Chúram agus Oideachas Luath-Óige, a cuireadh i bhfeidhm anuraidh, mar aon le córas nua chun Stiúrthóir Naíonra a cheapadh go mór leis an mborradh seo”.

Dé réir na scéime um Chúram agus Oideachas Luath-Óige bíonn an-deis ag tuismitheoirí a bpáistí a chur chuig naíonra saor in aisce ar feadh bliana. Tá an scéim seo dírithe ar pháistí a bheidh ag tosú ar scoil an bhliain dár gcionn.
Leis seo tháinig an-éileamh ar naíonraí mar go dtugann roinnt de na gaelscoileanna timpeall na tíre tús áite de ghasúir a d’fhreastail ar naíonraí.

Maidir leis an gcóras nua earcaíochta atá curtha i bhfeidhm agus ag ceapadh Stiúrthóirí ar naíonraí , bíonn agallamh Gaeilge mar pháirt lárnach don phróisis seo anois. Ciallaíonn seo go mbíonn caighdeán ard Gaeilge sna naíonraí.

Le blianta anuas tá níos mó féidearthachtaí ann chun naíonra a bhunú i gceantair timpeall na tíre, de bharr go bhfuil go leor naíonraí i mbailte beaga eile cheana féin. Tá an-tóir orthu mar go hiondúil téann na páistí ar aghaidh chuig Gaelscoil má tá ceann sa cheantar agus ar an gcaoi sin bíonn aithne ag na gasúir ar dhaoine eile agus bíonn cairde déanta acu agus iad ag dul tríd an gcóras oideachais trí mheán na Gaeilge.

Tá tuilleadh eolais maidir le naíonraí ar fáil ar shuíomh gréasáin Fhorbairt Naíonraí Teoranta: www.naionrai.ie.

©Gaelport.com 28 Meitheamh 2011