Méid an Téacs

Buaiceanna na Bliana 2013

Nollaig 17, 2013

Agus muid ag druidim le deireadh 2013 caitear súil siar ar roinnt de bhuaicphointí na bliana do Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge.

Abhcóideacht agus Ionadaíocht

Sholáthar Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge eolas don phobal agus do chomhlachtaí poiblí maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003. San iomlán, seoladh 20 aighneacht chuig comhlachtaí poiblí a bhí ag ullmhú dréachtscéimeanna teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 le linn na bliana.

Ghlac an Chomhdháil páirt lárnach ar An Fóram chun dul i ngleic le hathruithe san earnáil, i gcomhar lena balleagraíochtaí, le heagraíochtaí bunhmhaoinithe eile agus leis an dá Stát. Bhí teagmháil rialta le Foras na Gaeilge, leis na Ranna Urraíochta, le baill Thithe an Oireachtais agus le baill an Tionóil agus le páirtithe eile leasmhara.

Glacadh ionadaíocht ghníomhach ar an gCoiste Seasta ar an nGaeloideachas agus páirt ghníomhach glactha san fheachtas chun Acht Teanga a bhaint amach do Thuaisceart Éireann.

Ghlac an Chomhdháil páirt ghníomhach ar an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) agus ar an gCoiste Stiúrtha den tionscadal taighde agus oiliúna de chuid INTEREG dar teideal Menter Iontach Nua.

Cuireadh feachtais fheasachta ar bun chun an pobal a spreagadh chun páirt a ghlacadh sa phróiseas comhairliúcháin poiblí maidir le léitheoireacht na Gaeilge a thionscain Foras na Gaeilge; chun an pobal a spreagadh chun páirt a ghlacadh sa phróiseas comhairliúcháin poiblí ar an Dréachtbhille Oideachais (Ligean Isteach ar Scoil) trí fheachtas ar líne agus plé sna meáin chumarsáide, agus trí theagmháil le baill Thithe an Oireachtais, agus le páirtithe eile leasmhara – Chuir an Chomhdháil aighneacht chuimsitheach ar fáil ar an ábhar seo, agus cuireadh feachtas feasachta ar bun chun an pobal a spreagadh chun páirt a ghlacadh sa phróiseas comhairliúcháin poiblí maidir le siollabas na Gaeilge ag leibhéal an Teastas Shóisearaigh.

Seirbhísí Digiteacha na Comhdhála

Cuireadh straitéis dhigiteach chuimsitheach i gcrích in 2013 agus é mar sprioc go mbeidh seirbhísí digiteacha Gaelport.com ar thús cadhnaíochta agus ar fáil ar gach ardán digiteach. Tá ag éirí go maith le Gaelport.com Móibíleach agus déantar forbairt leanúnach ar Gaelport.com ar na hardáin shóisialta dhigiteacha agus ábhar ilmheáin, grianghraif agus físeáin foilsithe ar YouTube, Facebook agus Twitter.

Le linn na bliana bhí forbairt leanúnach ar na sruthanna nuachta is mó ar Gaelport.com:

An Nuacht is Déanaí: Na scéalta is mó ó shaol na Gaeilge gach aon lá – Méadú 6% ar líon na gcuairteanna ar leathanaigh nuachta ó thús na bliana.

As na Nuachtáin: Achoimre laethúil ar na scéalta is mó a bhaineann leis an nGaeilge atá foilsithe sna meáin náisiúnta agus áitiúla.

Folúntais: Seirbhís earcaíochta saor in aisce – Méadú 19% líon na gcuairteanna ar fholúntais fógartha agus 134 folúntas fógartha sa bhliain 2013.

Féilire: Scéalta faoi na himeachtaí is mó i saol na Gaeilge – 254 imeacht fógartha saor in aisce agus méadú 57% ar líon na gcuairteanna ar leathanaigh sa mhír seo.

Foghlaim: Cur síos ar cúrsaí traenála agus ranganna Gaeilge reatha ar gach aon leibhéal – Méadú 84% ar líon na gcuairteanna ar leathanaigh faoi chúrsaí agus ranganna.

Cuireadh tús le foilseacháin seachtainiúil 7 na Seachtaine, bailiúchán de na príomhscéalta is mó ó Gaelport.com.
• 7,685 síntiúsóir don ríomhiris sheachtainiúil 7 na Seachtaine
• 2,035 síntiúsóir don ríomhiris laethúil As Na Nuachtáin

Tograí eile de chuid na Comhdhála

D’fhreastail os cionn 1,962 dalta ó 56 iar-bhunscoil ar sheimineáir Buntáiste Breise na Gaeilge sa bhliain 2013.

Craoladh an clár Cuireadh Chun Cainte ar TG4 le linn na Cásca, agus tá sé scaipthe ar iar-bhunscoileanna na tíre don bhliain 2012 – 2013. Tá breis agus 190,000 cuairt ar YouTube faighte ag an bpacáiste teagaisc/foghlama seo.

Craoladh an clár Céim Chun Tosaigh ar TG4 in earrach na bliana seo agus tá cóip den DVD agus na hiatáin a théann leis faighte ag gach iar-bhunscoil sa tír (824 scoil) ó Mheán Fómhair 2013.

Reáchtáladh Turas na bhFilí in Éirinn mí Aibreán agus in Albain mí Mheán Fómhair ag a raibh lánfhreastal ar ócáidí na féile malartaithe cultúir agus cuireadh an-spéis arís i mbliana sa chomórtas filíochta, Comórtas Uí Néill, a eagraíodh le linn na féile.

D’éirigh go maith le díolachán na bhFáinní Óir, Airgid agus Seanfháinní i rith na bliana, agus leis an tseirbhís Bileoga Aifrinn a cuireadh ar fáil do sheirbhísí lánGhaeilge i 40 paróiste timpeall na tíre, agus d’fhreastail breis agus 25 rannpháirtithe ar shraith den Chiorcal Comhrá a reáchtáladh Cois Teallaigh le linn na tréimhse Eanáir – Márta 2013.

Foilsithe ar Gaelport.com