Méid an Téacs

Ceardlann d’fhilí óga á reáchtáil mar chuid d’Fhéile Bheag Filíochta 2012

Deireadh Fómhair 30, 2012

Don séú bliain as a chéile, reáchtálfar Féile Bheag Filíochta ó 8 -11 Samhain i Baile an Fhéirtéaraigh, Iarthar Chiarraí.

Déanfar comóradh i mbliana ar Mháirín Feirtéar, nach maireann, duine de bhunaitheoirí na féile ag an deireadh seachtaine ina mbeidh ceol, damhsa, léachtaí, léamh filíochta agus seisiúin maidhc oscailte ar siúl ó thús deireadh.

Tá sé beartaithe i mbliana go reáchtálfar ceardlann filíochta do dhaoine óga idir 17-25 ar 10 Samhain, Músaem Bhaile an Fheirtéaraigh, ina múinfear scileanna luachmhara dóibh siúd ar mhian leo a gcuid cruthaitheachta féin a fhorbairt. Tá an cheardlann feiliúnach d’fhilí óga atá tosaithe ar an scríobh cheana féin. Is féidir ríomhphost a sheoladh chuig bridnimhorain1@eircom.net le dán nó dhó mar iatán, má tá a leithéid ar fáil. Saorchead isteach.

Tosóidh an fhéile oíche Déardaoin 8 Samhain in ionad ‘The Lab’ sa Daingean nuair a sheolfaidh Bosco Ó Conchúir ‘Cosán’ le Ceaití Uí Bheildiúin ach ní osclófar an fhéile go hoifigiúil go dtí Dé hAoine ag 7pm ag Músaem Bhaile an Fheirtéaraigh ag ócáid speisialta le damhsa comhaimseartha agus ceol traidisiúnta. Beidh oíche bhothántaíochta ar siúl ar an lá céanna le Gabriel Fitzmaurice ag Tigh an Tobair, Baile an Fheirtéaraigh.

Ansin Dé Satharn reáchtálfar ceardlanna filíochta d’aoisghrúpaí éagsúla le Paddy Bushe agus Bríd Ní Mhóráin chomh maith le siúlóid stairiúil agus comhrá i gCaifé na Caolóige, Cloichear.

Tiocfaidh an fhéile chun críche Dé Domhnaigh le léamh filíochta le Ceití Ní Bheildiúin, Bertha Mc Cullagh agus Billy Ramsell mar aon le taispeántas damhsa comhaimseartha in éineacht le léamh filíochta le Sultan Kakar agus Lisa Cahill.

Tá tuilleadh eolais agus clár iomlán na féile ar fáil ar http://www.feilebheagfiliochta.com/.