Méid an Téacs

Cén treo anois do phobal na Gaeilge?

Nollaig 16, 2013

Thug An Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, go leor cúiseanna lena chinneadh chun a phost a fhágáil, agus cúiseanna atá cíortha agus pléite go mion sna meáin chumarsáide áirithe a léirigh spéis sa scéal.

Ar ndóigh, thug an aird seo ar an teanga deis do lucht a cáinte ionsaithe a dhéanamh arís ar an ‘chur amú airgid’ agus ar ‘fhaisistithe’ na Gaeilge agus bhí colúin na nuachtán lán de na tuairimí údaí a mbítear ag dúil leo nuair a ardaítear ceist na Gaeilge ar leibhéal náisiúnta.

Nach spéisiúil gur cur amú airgid atá sa Ghaeilge riachtanach i scoileanna dar leo siúd nach bhfuil Gaeilge acu, ach nach luann lucht cáinte na hEaglaise, i dtír a d’fhulaing an oiread sin faoi léirsmacht an chreidimh, nach luaitear an t-airgead a chaitear ar an Oideachas Reiligiúnach sa chóras oideachais?

Ba léir chomh maith gur ghoill aon cháineadh a rinneadh ar an rialtas go mór ar pholaiteoirí áirithe, na polaiteoirí céanna a bhíonn de shíor ag cur in iúl go bhfuil siad i ndáiríre faoi fhorbairt na Gaeilge agus go n-amharcann siad ar an teanga mar theanga phobail ar chóir na seirbhísí céanna a bheith ar fáil di agus atá ag an Bhéarla, seachas caitheamh aimsire a bhíonn úsáideach le linn an Oireachtais nó nuair a bhítear sa tóir ar vótaí i gceantair atá báúil don teanga.

Dá thréine iarrachtaí an rialtais polasaithe agus cur i bhfeidhm polsaithe i dtaca leis an Ghaeilge a chosaint, is léir don dall nach bhfuil ag éirí leo. Tá Straitéis 20 Bliain na Gaeilge (a seoladh sa bhliain 2010 agus tá, dar le go leor, go fóill siar sa bhliain 2010) an-lochtach go deo.

Cé gur dúradh go soiléir i mBille Gaeltachta 2012 gur chóir go mbeadh plean teanga i bhfeidhm sna ceantair Ghaeltachta, is ar na heagraíochtaí Gaeilge a leagadh an dualgas seo agus gan aon mhaoiniú breise ón rialtas a bheith ar fáil.

Cuireadh deireadh leis na marcanna bónais don Ghaeilge a bheadh ar fáil dóibh siúd a bheadh ag dul isteach sa Státseirbhís – macalla den chinneadh a ghlac rialtas Fhine Gael sna 70í nuair a baineadh ar shiúl an Ghaeilge riachtanach mar chritéar iontrála sa Státseirbhís chéanna.

D’fhéadfaí an colún seo uile a chaitheamh i mbun cáinte agus ag dul siar ar theip iomlán an rialtais seo agus rialtas roimhe an teanga a chosaint agus a fhorbairt mar is ceart. Tuigeann gach mac máthar an dearcadh atá ag an rialtas reatha ar an teanga, agus cé gur tharla sé go tobann, níor chóir go gcuirfeadh sé lá iontais orainn gur éirigh an Coimisnéir as.

Cad é a tharlóidh anois, mar sin? D’fhéadfaí cúpla rud tarlú.

D’fhéadfadh an rialtas Coimisinéir nua a cheapadh agus na gealltanais uile a thug an rialtas céanna do Sheán Ó Cuirreáin a chomhlíonadh agus bheadh saol na Gaeilge agus na Gaeltachta ar bhealach a leasa, ach d’fhéadfaí leac oighir a dhéanamh den leac is íochtaraí in Ifreann thíos chomh maith.

Is mó seans, áfach, go leanfar de chur i gcéill seo an rialtais go bhfuil sé i ndáiríre faoin teanga. Aithním go bhfuil daoine i bhFine Gael atá ag leanstan pholasaí an pháirtí agus an béal ag milleadh na n-anamacha acu faoi cheist na Gaeilge ach is beag polaiteoir a bhí chomh buartha sin faoin choinsias s’aige ná faoin anam s’aige gur thréig sé a threibh pholaitiúil ná a áit sa Dáil.

Bíonn na giotáin chainte seo le cluinstin go minic ag na polaiteoirí céanna faoin phleanáil teanga, ach de dhéanta na fírinne, is beag duine acu a thuigeann an coincheap, gan trácht ar dhóigheanna leis an phleanáil teanga a chur i bhfeidhm.

Ní ag moladh an rialtais atá mé, ná baol air, ach is cinnte go raibh siad fadradharcach nuair a cuireadh in iúl sa Bhille Gaeltachta go dtitfeadh sé ar na heagraíochtaí Gaeilge na ‘pleananna’ teanga a chur i bhfeidhm óir nach iad na heagraíochtaí céanna a choinnigh agus atá ag coinneáil na teanga seo beo le breis agus céad bliain?

Tá an phleanáil teanga ag tarlú in Éirinn ó bunaíodh Conradh na Gaeilge ag deireadh an 19ú haois, agus an obair chéanna ar bun ag Comhaltas Uladh, Gael-Linn agus Glór na nGael, i measc eagraíochtaí eile le breis agus céad bliain.

Ba iad na heagraíochtaí seo a sheas sa bhearna bhaoil agus a chinntigh go mbeadh todhchaí ag an teanga. Ba iad na heagraíochtaí seo a choinnigh na Gaeltachtaí beo agus a chothaigh meas ar an teanga i measc muintire a raibh meas caillte acu ar an teanga dhúchais mar gheall ar pholasaithe rialtais Ghallda i leith na teanga.

B’fhéidir gur seo an freagra ba mhian leis an rialtas a léamh. Bíonn daoine san áit oibre a dhéanann praiseach de rud ionas nach n-iarrfar orthu an rud céanna a dhéanamh arís.

B’fhéidir gurb í sin an chleasaíocht atá ar bun ag Fine Gael agus ag an Lucht Oibre, ach ní fheictear domsa bealach ar bith chun tosaigh a tharlóidh sula mbíonn sé rómhall ach na heagraíochtaí a mhaoiniú mar is ceart agus ligint dóibh inchur a bheith acu i bpolasaithe oifigiúla an rialtais chun an obair agus an phleanáil teanga a chur i bhfeidhm ar bhealach réadúil agus indéanta.

Léachtóir le Gaeilge in Ollscoil Uladh, Coláiste Mhig Aoidh, i nDoire agus Uachtarán ar Chomhaltas Uladh de Chonradh na Gaeilge is ea Niall Comer.

Féach an físeán ar www.meoneile.ie