Méid an Téacs

Comhairle nua fógartha do Raidió na Gaeltachta

Aibreán 29, 2013

Fógraíodh inniu go bhfuil comhairle de dheichniúr roghnaithe do RTÉ Raidió na Gaeltachta, faoi chathaoirleacht Lorcáin Uí Chinnéide.

Beidh sé de dhualgas ag an ngrúpa seo a bheidh ag feidhmiú ar feadh téarma 3 bliana, comhairle a chur ar Bhord RTÉ maidir le polasaí craoltóireachta RTÉ Raidió na Gaeltachta. Beidh an chéad chruinniú ag an gComhairle i mí Bealtaine.

Dúirt ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta Edel Ní Chuireáin:

“Tá obair thábhachtach le déanamh as seo go ceann trí bliana ag an gComhairle, agus beidh siad in ann tarraingt ar thaithí, ar shaineolas agus ar scileanna fairsing na mball le cuidiú leo an obair sin a chur i gcrích.”

Is iad seo a leanas, baill na Comhairle:

Antaine Ó Donnaile as Co. Ard Mhacha, iar-bhainisteoir agus léiritheoir teilifíse le BBC Thuaisceart Éireann.

Dónal Ó Gallchóir as Gaeltacht Thír Chonaill ó dhúchas, iar-gharda i Maigh Eo.

Adrian Breathnach, príomhoide bunscoile agus gníomhaí teanga atá ina Stiúrthóir ar Ghael Taca i gCorcaigh.

Máire Seosaimhín Breathnach as Gaeltacht na Rinne, Oifigeach Gaeilge le Comhairle Contae Phort Láirge.

Alan Mac Maoldúin, Bainisteoir Cumarsáide Chumann Lúthchleas Gael agus iar bhall den Chomhairle.

Máire Nic Gairbhe, Príomhoide ar Ghaelscoil Adhamhnáin i Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall.

Peadar Mac an Iomaire, iar-Phríomhfheidhmeannach Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus gníomhaí pobail i gConamara.

Sibéal Davitt, damhsóir agus scannánóir ó Bhaile Átha Cliath.

Siobhán Seoighe ó Ráth Cairn, feidhmeannach leis an bhForas Patrúnachta.

As Corca Dhuibhne don Chathaoirleach Lorcán Ó Cinnéide, iar Phríomhfheidhmeannach ar Tháirgeoirí Éisc na hÉireann, a bhfuil tréimhse caite aige roimhe seo ar an gComhairle chomh maith.

Foilsithe ar Gaelport.com