Méid an Téacs

Comhairliúchán Náisiúnta le leanaí agus le daoine óga maidir leis an Straitéis Náisiúnta Leanaí nua (2012-2017)

Márta 30, 2011

Tá tús curtha leis an obair sa Roinn Leanaí chun Straitéis Náisiúnta Leanaí nua a fhorbairt. Ba mhaith leis an Aire Leanaí nua, Frances Fitzgerald, TD, a fháil amach céard iad na saincheisteanna atá tábhachtach i ndáiríre do leanaí agus do dhaoine óga ar fud na tíre chun an straitéis a threorú. Tabharfaidh an comhairliúchán náisiúnta an deis dóibh a gcuid tuairimí a chur in iúl faoi nithe a théann i bhfeidhm go díreach ar a saol.
Tugtar cuireadh do leanaí agus do dhaoine óga ceistneoirí a chomhlánú i ngach scoil agus Ionad Ógtheagmhála ar fud na tíre idir an Luan 4 Aibreán agus an Aoine 8 Aibreán 2011. Dearadh na ceisteanna i gcomhairle le leanaí agus daoine óga iad féin agus fiafraítear iontu faoi na nithe atá go maith agus nach bhfuil go maith, agus maidir leis na nithe a d’athróidís mar leanbh nó mar dhuine óg in Éirinn sa lá atá inniu ann.
Déanfaidh foireann comhairliúcháin i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, anailís ar na sonraí ar fad a bhailítear agus úsáidfear iad i bhforbairt na Straitéise Náisiúnta Leanaí nua. Déanfar tuarascáil ar an bpróiseas comhairliúcháin le leanaí a fhoilsiú ar líne níos déanaí i mbliana.
Léiríonn an tionscadal spreagúil seo tiomantas an Rialtais i leith spriocanna na Straitéise Náisiúnta Leanaí atá ann faoi láthair (2000-2010) agus i leith chur i bhfeidhm leanúnach Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh. Trí chúnamh a thabhairt maidir le cur chun cinn an chomhairliúcháin seo, tá tú ag cinntiú go mbeidh leanaí agus daoine óga in Éirinn in ann a gcuid tuairimí a chur in iúl faoi shaincheisteanna atá tábhachtach dóibh.