Méid an Téacs

Comhairliúchán Poiblí ar Oideachas sna Luathbhlianta seolta ag an Aire Oideachais Scileanna

Márta 2, 2015

Comhairliúchán Poiblí ar Oideachas sna Luathbhlianta

Tá comhairliúchán poiblí á stiúradh ag an Roinn Oideachais agus Scileanna ar oiliúint agus ar cháilíochtaí in oideachas sna luathbhlianta. Tá an comhairliúchán mar chuid de mhór-athbhreithniú atá á dhéanamh ar chláir oideachais agus oiliúna as a dtagann cáilíochtaí i gcúram agus oideachas na luath-óige. Is é is cuspóir don athbhreithniú a chinntiú go soláthraíonn na cláir oideachais agus oiliúna sin inniúlachtaí, eolas agus scileanna cuí do chleachtóirí cúram leanaí chun tacú le forbairt oideachasúil na leanaí i seirbhísí luathbhlianta, lena n-áirítear cúram lánaimseartha agus páirtaimseartha, seirbhísí seisiúnacha agus feighlithe leanaí.

Tá do thuairimí ríthábhachtach maidir le heolas a thabhairt don athbhreithniú agus táthar ag iarraidh ort páirt a ghlacadh sa phróiseas comhairliúcháin.

Tá sonraí maidir le haiseolas a thabhairt ar fáil ar an leathanach seo:  www.education.ie