Méid an Téacs

Comhdháil Meitheal na mBeag 2013

Feabhra 5, 2013

Beidh Comhdháil Mheitheal na mBeag ar siúl an 15 agus 16 Feabhra 2013 sa Taibhdhearc. Is é teideal na comhdhála i mbliana ná Cearta Cultúrtha an Pháiste, bunaithe ar Airteagal 31 de Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh.

Is scáthghrúpa agus áiseagraíocht é Meitheal na mBeag a fhreastalaíonn ar ealaíontóirí, oideachasóirí, comhlachtaí, ionaid ealaíon agus institiúidí a léiríonn dílseacht do chur i láthair agus d’fhorbairt na dtaibhealaíon páiste-lárnach trí Ghaeilge.

Seo grúpa daoine le paisean agus fuinneamh, idir ealaíontóirí agus múinteoirí, a chreideann go bhfuil sé tábhachtach go mbíonn rochtain ag páistí ar scoth na n-ealaíon. Idir amharclann agus ceol, filíocht agus fís-ealaíon, tá sé práinneach go bhfuil ealaíon den scoth ar fáil don aos óg, ar mhaithe leo mar dhaoine anois agus ar mhaithe le sláinte an tsochaí. Ba mhaith le Meitheal na mBeag cearta cultúrtha an pháiste a chur chun cinn go gníomhach.

Tá Meitheal na mBeag ag súil le fáilte a chur roimh Martin Drury ón gComhairle Ealaíon agus bunaitheoir ‘The Ark’, an lárionad cultúrtha do pháistí, mar spreagchainteoir na comhdhála. Beidh iar-Laureate na nÓg, Siobhán Parkinson, linn, chomh maith le Ceann na Roinne Ealaíon agus Corpoideachais i gColáiste Mhuire Gan Smál, Luimneach, Michael Finneran. Beidh guth idirnáisiúnta ag an gcomhdháil arís i mbliana agus Angus Macleod, Oifigeach Drámaíochta le Fèisean nan Gàidheal as Albain linn.

I rith na comhdhála beidh Meitheal na mBeag ag glaoch ar aighneachtaí ó ealaíontóirí píosa ealaíne a chruthú a rachfaidh ar chamchuairt ó chontae go contae. Beidh fáil ar an ealaín sna hallaí Cathrach i ngach contae i rith na bliana. Is é an aidhm a bheidh leis an bpíosa ealaíne seo ná go gceisteoidh na comhairlí contae an méid áiseanna de ghníomhaíochtaí cultúrtha a chuireann siadsan ar fáil do pháistí sa chontae.

I rith na comhdhála beidh léirithe de chuid Branar agus Graffiti, chomh maith le díospóireacht, neart cainte agus seans bualadh le daoine eile atá i mbun oibre san earnáil chéanna.

Leis an Reifreann Leanaí, comhdháil anuraidh bunaithe ar an obair atá ar siúl sna healaíona trí Ghaeilge a fhorbairt, agus an rath leanúnach atá ag na compántais áitiúla , leithéidí Branar agus Moonfish, ba cheart go mbeadh comhdháil na bliana seo thar a bheith suimiúil.

Tá failte roimh chuile dhuine chuig an gcomhdháil lena smaointí agus a dtuairimí a roinnt le daoine atá i rólanna comhchosúla timpeall na tíre.

Is féidir foirm chlárúcháin a fháil ar www.meithealnambeag.ie

Má tá tuilleadh faisnéise uait, déan teagmháil le:

Róisín Ní Chadhain, Bainisteoir na Comhdhála
Meithealnambeag@gmail.com / 091-562024

Meitheal na mBeag
www.meithealnambeag.ie

Cearta Cultúrtha an Pháiste – 15 & 16 Feabhra, An Taibhdhearc, Gaillimh