Méid an Téacs

Comhdháil Oideachas ar an 23 Samhain – Clár ar fáil

Samhain 19, 2012

Reáchtálfar comhdháil 2012 i gcomhpháirt le hEagraíocht na Scoileanna Gaeltachta Teo. Beidh Comhdháil Oideachais GAELSCOILEANNA TEO. agus Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta Teo. ar siúl in óstán an Ardilaun i nGaillimh ar an 23 Samhain 2012.

Clár na Comhdhála 2012

Rúin agus ainmniúcháin

Ba mhór le GAELSCOILEANNA TEO. rannpháirtíocht na scoileanna a ardú i ngnó agus stiúrthóireacht na heagraíochta, le go mbeidh sí ionadaíoch ar na scoileanna atá mar bhaill aici. Tá gach eolas maidir le rúin agus ainmniúcháin a chur chun cinn ag Cruinniú Chinn Bhliana na heagraíochta ar fáil anseo.

Tá eolas maidir le ballraíocht le GAELSCOILEANNA TEO. ar fáil anseo.

Foirm ballraíochta: Foirm Bhallraíochta Eanáir-Nollaig 2012

Seastáin ag an gComhdháil

Faraor, díoladh amach na spásanna seastáin an-tapaidh i mbliana agus ní féidir linn glacadh le haon áirithintí eile. Más spéis leat dul ar liosta feithimh déan teagmháil leis an Oifigeach Forbartha.

Lóistín

Tá eolas maidir le rátaí san Ardilaun agus lóistín eile sa cheantar ar fáil anseo.

Cláraigh le freastal

Is féidir le scoileanna agus eagraíochtaí a gcomhaltaí a chlárú le freastal ar an gcomhdháil tríd an fhoirm thíos a chomhlánú. Má tá níos mó ná ceathrar le freastal ón scoil/eagraíocht, iarrfar ort teagmháil a dhéanamh linn ar 01 8535195 nó oifig@gaelscoileanna.ie seachas clárú ar líne, le go dtabharfar lascaine duit.

 

Oops! We could not locate your form.