Méid an Téacs

Criú d’Oireachtas na Samhna – an bhfuil tú ar fáil?

Deireadh Fómhair 23, 2018

Oireachtas na Samhna, Cill Airne, Co. Chiarraí

31 Deireadh Fómhair – 4 Samhain 2018

Is iad Criú an Oireachtais croílár na féile – daoine a thugann a gcuid ama go fial flaithiúil dúinn ar mhaithe le cultúr agus oidhreacht na nGael a chur chun cinn. Gach uile bhliain, tugann ár bhfoireann deonach tacaíocht den scoth dúinn le linn aimsear na féile – tacaíocht a chuidíonn go mór le rathúlacht na hocáide.

Dá mbeadh suim agat tréimhse beag de do chuid ama a chaitheamh ag an bhféile mar oibrí deonach, déan teagmháil linn. Bainfidh tú an-sásamh as, beidh píosa craic agat agus déanfaidh tú cairde nua agus tú ag déileáil le pobal an Oireachtais.

Seo a leanas sampla de na dualgais a bheidh ag Criú an Oireachtais:

  • Freastal ar an Deasc Eolais & Ticéid;
  • Maoirseoireacht ag Comórtais;
  • Cabhrú le leagan amach agus le reáchtáil ócáidí;
  • Ag obair in Oifig an Chriú; agus
  • Ag cabhrú le cúrsaí meán cumarsáide.

Má tá tú ar fáil le cuidiú linn ba mhór agam dá gcuirfeá scéal chugam a luaithe a bheidh deis agat chuig louise@antoireachtas.ie  nó glaoigh orm ag 087-1005439.

Ag súil le cloisteáil uait.

Le meas

Louise Ní Dháibhéid
Oifigeach Imeachtaí & Foilseachán

+353 (0)1 475 3857 | +353 (0) 87 100 5439 | www.antoireachtas.ie