Méid an Téacs

Cumhachtaí na Comhairle Múinteoireachta chun déileáil leis an dtearcfheidhmíocht i measc múinteoirí á méadú ag an Aire Quinn

Eanáir 9, 2014

Faoi leasuithe a dhéanfar ar an reachtaíocht, beidh smachtbhannaí nua ar fáil don Chomhairle Mhúinteoireachta

Tá an tAire Oideachais & Scileanna, Ruairí Quinn T.D., ag beartú cur go suntasach leis na cumhachtaí atá ar fáil don Chomhairle Mhúinteoireachta, an comhlacht rialála do mhúinteoirí.

Faoi reachtaíocht nua atá ceaptha chun a cur faoi bhráid an Oireachtais, beidh réimse smachtbhannaí nua ar a hurláimh ag an gComhairle Mhúinteoireachta chun déileáil le lagmheasarthacht nó tearcfheidhmíocht i measc múinteoirí. Go dtí seo, ní fhéadfadh an Chomhairle Mhúinteoireachta smachtbhannaí ar bith a chur i bhfeidhm ach sa chás go rabhthas tar éis múinteoir a mheas mar mhúinteoir “nach raibh inniúil chun múineadh”.

Beidh sé de chumhacht ag an gComhairle Mhúinteoireachta smachtbhannaí a chur i bhfeidhm a thagann le tromchúis na gcinntí in aghaidh múinteora. Beidh réimse díobh sin i gceist ó chomhairle, rabhadh nó imcháineadh go dtí fionraí agus scriosadh ó chlár na Comhairle Múinteoireachta.

Ina theannta sin, le tosach feidhme Ailt 30 ó 28ú Eanáir amach, beidh ar na múinteoirí uile bheith cláraithe leis an gComhairle Mhúinteoireachta sula n-íocfar as an gciste poiblí iad. Dá bhrí sin, má chuirtear múinteoir ar fionraí, nó má scriostar as an gclár é nó í, ní bheidh cead ag an Roinn nó ag na Boird Oideachais agus Oiliúna tuarastal a íoc leis an múinteoir sin.

Go dtí seo, is iad na smachtbhannaí a raibh sé de chumhacht ag an gComhairle Mhúinteoireachta a chur i bhfeidhm tar éis fiosrúcháin maidir le hinniúlacht chun múineadh ná:

(a) Baint den gclár ar feadh tréimhse sainithe
(b) Fionraí ón gclár suas go dtí 2 bhliain
(c) Fágtha ar an gclár faoi réir ag na coinníollacha seo a leanas go léir nó ag ceann ar bith díobh:

  • go n-iarrfadh an múinteoir cabhair ó sheirbhís a fhónann ar leas agus sláinte múinteoirí
  • go bhfreastalódh an múinteoir ar chúrsa sainithe forbartha gairmiúla
  • pé coinníollacha eile is cuí leis an gCoiste Araíonachta.

Tá sé beartaithe smachtbhanna breise, is é sin comhairle, rabhadh nó imcháineadh scríofa a chur le réimse na smachtbhannaí atá ar fáil don Chomhairle.

Adúirt an tAire Quinn, “Is mó atá na smachtbhannaí nua atá ar fáil don Chomhairle Mhúinteoireachta ar aon dul leo siúd atá ar fáil do na rialálaithe proifisiúnta eile ar nós na Comhairle Míochaine nó an Bhord Altranais. Is den tábhacht é ar mhaithe le lánmhuinín an phobail agus na múinteoirí féin as gairm na múinteoireachta go gcuirfeadh an Chomhairle gnásanna láidre i bhfeidhm i leith inniúlacht chun múineadh. Céim eile ar aghaidh é seo ar an mbealach chun an mhúinteoireacht a ghairmiúlú.”

“Tá formhór mór na múinteoirí sna rangsheomraí againn ag feidhmíú go maith. Ach i gcás an mhionlaigh bhig nach bhfuil ag feidhmíú go maith, creidim go mbeidh na huirlisí cearta ar a hurláimh ag an gComhairle Mhúinteoireachta anois chun déileáil le drochiompar tromchúiseach agus chun feabhas a chur ar obair na múinteoirí nach bhfuil ag feidhmiú go maith agus cabhair a thabhairt dóibh.”

“Creidim chomh maith go mbeidh na cumhachtaí nua seo chun líomhaintí faoi dhrochiompar agus tearcfheidhmíocht a iniúchadh ina mbealach ag tuismitheoirí chun fíorghearáin maidir le caighdeáin mhúinteoireachta a fháil iniúchta.”

Faoin reachtaíocht nua chomh maith, beidh múinteoirí in ann aon dhiúltú de chuid na Comhairle Múinteoireachta clárú a athnuachan a achomharc chuig an Ard-Chúirt.

Táthar ag súil leis an reachtaíocht seo a fhoilsiú go gairid.

www.education.ie