Méid an Téacs

Cúrsa Cruinnis Ar-Líne Nua ag tosú Feabhra 2016 do scoileanna an Fhorais Phátrúnachta

Nollaig 18, 2015

Dírithe ar Bhaill de na Boird Bhainistíochta, ar Chúntóir Riachtanais Speisialta agus ar Rúnaithe/Fostaithe Scoile de chuid an Fhorais Phátrúnachta.

Sheol an Foras Pátrúnachta a chéad chúrsa ar-líne (An cúrsa cruinnis do mheánmhúinteoirí) i mí Dheireadh Fómhair na bliana seo. Ag leibhéal TEG B2 is atá an cúrsa sin agus bhí an-éileamh ann dó le breis is 30 múinteoir ó cheann ceann na tíre ag tabhairt faoi agus ag baint an-tairbhe as.

Chun cur leis an raon oiliúna agus tacaíochta a chuirtear ar fáil dá scoileanna, is mian leis an bhForas Pátrúnachta cúrsa nua ar-líne a sheoladh i mí Feabhra 2015. Beidh an cúrsa seo dírithe ar fhoireann na scoileanna nach múinteoirí iad (CRS, rúnaithe, feighlithe srl.) agus measaimid gur iontach an deis é do bhaill na mbord bainistíochta nua cur le caighdeán a gcuid Gaeilge, rud a chuirfidh ar a gcumas feidhmiú ar bhonn níos éifeachtúla ar na Boird.

Leagan amach an chúrsa:

  • Cúrsa é a réiteoidh rannpháirtithe do scrúdú TEG Meánleibhéal 1 (B1)  in 2017
  • Cúrsa bliana (40 Seachtain) atá i gceist.
  • Beidh rang idirghníomhach ar-líne uair a chloig ar siúl uair sa tseachtain a tharlóidh le linn théarmaí na scoilbhliana.
  • Chomh maith leis na ranganna ar-líne beidh ceithre sheimineár lae le linn an chúrsa ina mbeidh deis ag rannpháirtithe díriú ar mhionphointí gramadaí agus úsáid fheidhmeach na gaeilge.

Beidh breis eolais le fáil ar foras.ie go luath san athbhliain ach idir an dá linn is féidir teagmháil a dhéanamh le comhordaitheoir an chúrsa Tomás Ó Póil ag 087 2642446 nó ag tomas@foras.ie