Daonscoil na Mumhan 2013
Iúil 15, 2013
Beidh Daonscoil na Mumhan ar siúl i gColáiste na Rinne i Rinn Ó gCuanach i gCo. Phort Láirge ón Domhnach 18ú – Aoine 23ú Lúnasa 2013. Is seachtain de léachtaí, d'ímeachtaí, de chraic is de chaidreamh, a reachtáiltear i gColáiste na Rinne, Rinn Ó gCuanach sna Déise gach Lúnasa, atá i gceist le Daonscoil na Mumhan. Cé go dtugtar Daonscoil na Mumhan uirthi freastalaíonn daoine ó gach áit ar an scoil seo agus tagann daoine i bhfad is i gcéin chun a bheith i láthair ag an ócáid seo. Téama na bliana seo: Tionchar na nGael i gcéin Beidh ranganna agus imeachtaí éagsúla go leor ar siúl i rith na seachtaine ina measc beidh ranganna amhránaíochta leis na h-amhránaí iomráiteach Anne Mulqueen. Beidh léachtaí éagsúla ar siúl chomh maith le seisiúin ceoil agus sean-nós, siúlóid sléibhe, seoladh leabhar, scéalta fiannaíochta, turais lae, léamh agus ceardlann filíochta le Bríd Ní Mhóráin. Beidh an damhsóir Cuthbert Tura Arutura ón tSiombáib ó dhúchas i bhfeighil ceardlann damhsa ar an sean-nós. Tráthnóna Dé Céadaoin beidh comórtas ‘Comóradh an Dá Phádraig’ ar siúl. Tá an Comórtas Tallainne seo á reáchtáil in gcuimhne agus onóir beirt fhear a raibh baint mhór acu le Daonscoil na Mumhan le blianta fada anuas ach atá anois ar shlí na fírinne sin iad Pádraig Ó Dálaigh agus Pádraig Ó hÍceadha. Ar an Déardaoin, 22 Lúnasa beidh ceiliúradh ar na hamhráin agus na hamhránaithe as An Rinn atá san áireamh i ‘Leabhar Mór na nAmhrán atá foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht mar chuid de cheoilchoirm na Daonscoile i mbliana. Seolfar úrscéil nua le Áine Uí Fhoghlú ar an oíche agus beidh oíche go maidin ann le oíche mhór airneán le amhránaithe na Rinne mar aon le neart eile. Tá lóistín ar fáil i gColáiste na Rinne.
Tuilleadh liosta iomlán de na himeachtaí ar fáil ar: www.daonscoil.com
Foilsithe ar Gaelport.com