Méid an Téacs

Déan Comhrá ‘Cúpla Focal’ for Parents and Guardians

Lúnasa 27, 2018

Déan Comhrá JPEG

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Tá áthas ar Gaeloideachas a fhógairt go bhfuil leabhrán úrnua, Déan Comhrá, ‘Cúpla Focal’ for Parents and Guardians foilsithe againn.

Tá an leabhrán seo dírithe ar thuismitheoirí agus chaomhnóirí a bhfuil a gcuid páistí ag freastal ar naíonra nó ar scoil lán-Ghaeilge. Tá sé lán le frásaí simplí úsáideacha a bhféadfaí a úsáid sa bhaile leis an teanga a shní isteach sa saol laethúil. Tá an leabhrán dírithe ar an bhfoclóir coitianta atá ag teastáil ó thuismitheoirí le comhrá a bheith acu le tuismitheoirí eile ag geata an naíonra nó na scoile, caint leis an bpríomhoide nó an múinteoir, agus go leor frásaí úsáideacha eile le Gaeilge a spreagadh go nádúrtha sa bhaile.

Tá go leor buntáistí ag baint leis an nGaeilge a úsáid sa bhaile agus is cinnte go gcabhróidh moladh agus spreagadh uait féin le do pháiste éirí níos muiníní sa teanga. Tá frásaí agus foclóir sa leabhrán a bhféadfaí a úsáid le cabhrú leis an obair bhaile, moladh a thabhairt nó beannachtaí laethúla do ghnáthchomhrátaí ar maidin nó ag am luí. Má fheiceann do pháiste go bhfuil tusa díograiseach agus dearfach i leith na teanga, beidh an meon céanna aige nó aici. Is fiú go mór breathnú ar ár suíomh idirlín IrishforParents.ie freisin, áit a bhfuil i bhfad níos mó acmhainní atá dírithe ar na sainriachtanais teanga atá ag tuismitheoirí agus caomhnóirí. Cabhróidh an suíomh go mór leat cur le do stór focal ar théamaí éagsúla ábhartha, an chluastuiscint a chleachtadh agus cur le do chuid eolais ar struchtúir na teanga. D’fhéadfadh an teaghlach roinnt Gaeilge a fhoghlaim le chéile fiú. Tá súil againn go mbeidh spraoi agaibh ar an aistear seo le chéile. Bain triail as!

Féach ar an leabhrán anseo Déan Comhrá ‘Cúpla Focal’ for Parents and Guardians