Deireadh seachtaine cultúrtha i nGaeltacht na nDéise ag tosnú ar Oíche Chultúir, 19 Meán Fómhair
Meán Fómhair 4, 2014
Mar chuid de thogra turasóireachta cultúrtha i nGaeltacht na nDéise (eagraithe ag Comhlucht Forbartha na nDéise), tá pacáiste curtha le chéile do dhaoine gur suim leo deireadh seachtaine a chaitheamh sa Rinn agus sa Sean Phobal, ag tosnú ar an oíche chultúir, 19 Meán Fómhair. Tá an pácáiste seo dírithe orthu siúd gur suim leo an cultúr Gaelach, oiriúnach go speisialta do ghrúpaí beaga nó beirt ag roinnt. Beidh lóistín, béilí agus na himeachtaí ar fad eagraithe mar chuid den deireadh seachtaine. Níl Gaeilge riachtanach don deireadh seachtaine ach go mbeadh daoine báúil leis an teanga. Tá 22 spás ar fáil don deireadh seachtaine, beirt ag cur in áirithe le chéile nó grúpaí níos mó.
Tá rogha lóistín ar fáil (B&B, aitheanta ag Fáilte Éireann, 4* agus 5*; agus féinfhreastal). Beidh na himeachtaí eagraithe agus mar chuid den deireadh seachtaine, ina measc beidh béilí, ceol, siúlóidí, cainteanna is ealaín. Tá an deireadh seachtaine dírithe orthu siúd go mbeadh suim acu sa teanga agus sa chultúr dúchasach. An costas don deireadh seachtaine ná €130 an duine (féinfhreastal) agus €150 (B&B).
Tá tuilleadh eolais faoin deireadh seachtaine agus an siopa ar fáil anseo.
Is togra nua é seo do phobal Ghaeltacht na nDéise agus ba bhreá liom do thuairimí a fháil chomh maith nó aon mholtaí / ceisteanna a bheadh agat.
Ar deireadh, ba breá linn dá ndéanfadh sibh teagmháil le leathnach Facebook Chomhlucht Forbartha na nDéise.
Máire Seosaimhín Breathnach
Oifigeach Gaeilge
Comhairle Contae Phort Láirge
(058) 20884