Méid an Téacs

Deontais d’imeachtaí idirscoile ar fáil arís!

Eanáir 13, 2012

Cuireann GAELSCOILEANNA TEO deontas d’imeachtaí idirscoile ar fáil do na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. Bíonn an-tóir ar na deontais seo.

Táimid ag glacadh le hiarratais ar deontais faoi láthair. Tabharfar tús áite d’iarratais de réir mar a thagann siad chun na hoifige, agus de réir buiséid teoranta na heagraíochta, mar sin sciob an deis agus líon amach an fhoirm iarratais (ar líne) gan mhoill!

Tríd an scéim seo, bíonn deis ag scoileanna imeacht dá rogha féin a reáchtáil le scoileanna eile agus cuireann GAELSCOILEANNA TEO. uasmhéid de €250 / £225 ar fáil d’imeacht le 2 scoil rannpháirteach ann, uasmhéid €500 / £450 d’imeacht le 3 scoil nó níos mó rannpháirteach ann agus €750 / £675 más 4 scoil nó níos mó atá le bheith rannpháirteach. Déantar na h-íocaíochtaí de réir admhála. Cuirtear fáilte roimh réimse leathan imeachtaí agus roimh iarratais ó:

  • Naíonraí /naíscoileanna agus bunscoileanna
  • Bunscoileanna amháin
  • Bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna
  • Iar-bhunscoileanna amháin

Tá grianghraif sa ghailearaí de roinnt de na himeachtaí a bhfuair maoiniú tríd an scéim seo cheana agus is féidir tuairiscí na scoileanna ar a gcuid imeachtaí a léamh anseo. Tá an scéim deontais seo á maoiniú ag Foras na Gaeilge.

Tugann na himeachtaí idirscoile seo deis thábhachtach do na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta nasc a chruthú le scoileanna eile. Ó thráth na gceist go cluichí peile, spreagann na himeachtaí ilghnéitheacha seo cumarsáid agus spraoi trí mheán na Gaeilge, rud a théann chun leasa na scoile, chun leasa na ndaltaí agus chun leasa an scoilphobail. Tá gach eolas maidir leis an scéim ar fáil ón Oifigeach Forbartha, cspainneach@gaelscoileanna.ie nó glaoigh ar 01 8535193.