Dioplóma i Léann an Traidisiúin i gCultúrlann Uí Chanáin, Doire
Lúnasa 20, 2013
Teastas / Dioplóma sna Dána (Léann an Traidisiúin) i gcomhar le Scoil na Gaeilge
Tréimhse an chúrsa: Cúrsa páirtaimseartha thar dhá bhliain Ollscoile (Meán Fómhair go hAibreán sa dá bhliain)
Leagtar amach an cúrsa: 6 huaire gach coicís ar an deireadh seachtaine.
Cur síos ar an chlár
Tá an cúrsa seo dírithe ar dhaoine ar spéis leo oiliúint a fháil ar a gcultúr dúchais agus sa Bhéaloideas. Cuireann an cúrsa béim ar chaitheamh aimsire traidisiúnta, ar shlite beatha traidisiúnta bainteach le muir agus tír, ar an scéalaíocht, agus ar nósanna agus tuiscintí eile de chuid na muintire. Anuas air sin, pléitear an dearcadh atá ag daoine i leith an Bhéaloidis agus an Dúchais agus na bealaí ina maireann agus ina gclaochlaítear gnéithe díobh sa chultúr comhaimseartha.
Tá an cúrsa á chur ar fáil ag Scoil na Gaeilge agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.
Aidhmeanna agus Cuspóirí
- Léargas a fháil ar shaibhreas na hoidhreachta cultúrtha in Éirinn agus sa Ghaeltacht go háirithe
- Léargas a fháil ar acmhainní agus ar shaothair bainteach leis an traidisiún
- Forbairt phearsanta a dhéanamh & cur le deiseanna oideachais
- Bunscileanna bailithe agus eagair a chleachtadh agus a fhorbairt.
Riachtanais iontrála: Caighdeán sásúil Gaeilge agus spéis san ábhar.
Urraíocht: Seasfar táille an chláir don mhac léinn. Lena chois sin, tá tacaíochtaí éagsúla ar fáil do mhic léinn.
Próiseas measúnaithe: Sraith de thionscnaimh ghearra i bhfoirm aistí agus bailiúchán.
Spriocghrúpa: Tá an cúrsa seo dírithe go speisialta ar dhaoine ar spéis leo a gcultúr dúchais agus an Béaloideas. Ina theannta sin bhainfeadh daoine ar spéis leo forbairt phobail & turasóireacht chultúrtha tairbhe as an gcúrsa seo, mar aon leo siúd a mbíonn baint acu le cúrsaí oidhreachta go ginearálta. Bheadh sé feiliúnach freisin d’ealaíontóirí cruthaitheacha ar mhaith leo inspioráid a fháil ón gcultúr traidisiúnta.
Eolas breise: Tabharfar aitheantas don chúrsa 'Teastas i mBéaloideas na hÉireann’ mar Bhliain 1 den Dioplóma agus ceadófar dóibh siúd a bhfuil an teastas sin bainte amach acu freastal ar Bhliain II den Dioplóma.
Tuilleadh eolais: www.culturlann-doire.ie