Méid an Téacs

Féile Litríochta do Dhéagóirí

Feabhra 28, 2013

Beidh an Fhéile Litríochta bliantúil Fuint Focal ar siúl an deireadh seachtaine seo, 1-3 Marta 2013, in Áras Chrónáin, Cluain Dolcáin, Baile Átha Cliath.

Féile Litríochta do dhéagóirí is ea Fuint Focal eagraithe ag Pléaráca Teo, ina mbeidh ceardlanna scríbhneoireachta i mbliana ó scríbhneoirí, Míchéal Ó Ruairc, Jackie Mac Donncha, Colm Ó Broin, Cathal Póirtéir agus Colm Mac Séalaigh. I measc na n-imeachtaí ar an gclár tá cur i láthair ó Alan Titley ar ‘Trúir Scríbhneoirí Beoga’ – Pádraic Ó Conaire, Seosamh Mac Grianna agus Seán Mac Mathúna. Is í an t-úrscéalaí Anna Heussaff a sheolfaidh an féile.

Tá scoláirí ó Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Pobalscoil Ghaoth Dobhair, agus Coláiste Chilliain, Cluain Dolcáin ag freastal ar an bhféile i mbliana.

Eagraítear Fuint Focal mar chuid do Chlár Litríochta agus Drámaíochta Phléaráca Teo. atá maoinithe ag Ealaín na Gaeltachta agus An Chomhairle Ealaíon, le rannpháirtíocht sa scríbhneoireacht chruthaitheach a chothú i measc óige Chonamara agus litríocht na Gaeilge a chothú don todhchaí. Bíonn go leor imeachtaí éagsúla á reachtáil ag Pléaráca i rith na scoil bliana ar fud Chonamara mar chuid den gclár seo, tograí léitheoireachta, ceardlanna litríochta, togra léirmheastóireachta, aonach leabhar don aos óg- Brícíní, maraon le ceardlanna drámaíochta.

Is ócáid faoi leith é Féile Fuint Focal a thugann Gaeilgeoirí óga le chéile ón Ghaeltacht, agus ón Ghalltacht, thar deireadh seachtaine amháin le díriú isteach ar dhian-cheardlanna scríbhneoireacht chruthaitheach trí mheán na Gaeilge faoi stiúir scríbhneoirí aitheanta. Is réimse ealaíne aonarach uaigneach é réimse na litríochta mar cheird ach tugann an féile seo deis don dream óg castáil lena gcomhpháirtithe ag ócáid a dhéanann ceiliúradh ar réimse ealaíon gur spéis leo agus a thugann deis do dhaoine óga saothar a roinnt agus a phléigh i dtimpeallacht tacúil, taitneamhach ag cur lena scileanna cruthaitheach agus cumarsáide, ag cothú gréasán úr Gaeilge don todhchaí.

Foilsithe ar Gaelport.com