Méid an Téacs

Gael Linn ag ceiliúradh 60 bliain ar an bhfód

Iúil 15, 2013

Tá Gael Linn ag ceiliúradh 60 bliain ar an bhfód i mbliana agus chun ceiliúradh a dhéanamh ar an ócáid stairiúil seo beidh oíche mhór siamsaíochta idir ceol agus amhráin den scoth á reáchtáil acu sa Cheoláras Náisiúnta ar Domhnach, 15 Meán Fómhair 2013. Bunaíodh Gael Linn atá a gceannáras lonnaithe ar Sráid an Dáma i gceartlár Bhaile Átha Cliath i 1953 ar mhaithe le fiontair úra a chur chun cinn chun leasa na Gaeilge. Leanann an comhlacht leis an bhfealsúnacht fiontraíochta a chur chun cinn tríd an réimse leathan d’imeachtaí a dtugann foireann Gael Linn fúthu ó bhliain go bliain. Tá sé an-fheiliúnach go bheidh an cheiliúradh seo á reáchtáil sa Cheoláras Náisiúnta mar le cúpla bliain anuas bailíonn na sluaite chun a bheith i láthair ansin ag Craobhchomórtas Siansa Gael gach bliain. Is é seo do ghrúpaí traidisiúnta agus déanann an comórtas áirithe seo an-spreagadh agus ardán a thabhairt don chuid is fearr d’ógthallann ceoil agus amhránaíochta traidisiúnta na tíre agus is deas an rud é go mbeidh ceann de na grúpaí sin ‘Téada’ a ghlac páirt i Siansa Gael i láthair ar an oíche. Sa bhanna ceoil ‘Téada’ tá talún de scoth le ceoltóirí ar nós an fidléir cumasach Oisín Mac Diarmada, an boscadóir Paul Finn, an fliúiteadóir Damien Stensen, Tristan Rosenstock ar an mbodhrán, Seán McElwain ar an bouzouki agus giotár agus an boscadóir aitheanta as Corca Dhuibhne Séamus Ó Beaglaoich ar an mbosca ceoil. I measc na n-aíonna eile a bheidh ag dul ar stáitse beith’ T with the Maggies’ iad sin  Tríona & Maighread Ní Dhomhnaill, Mairéad Ní Mhaonaigh & Mháire Ní Bhraonáin  ceathrar ban as Chontae Dún na nDall.  Tá clú agus cáil ar na mná seo lena gcuid ceol agus lens nglór binn agus is minic a raibh siad le feiceáil ar stáitsí ar fud na cruinne.  

Ticéid: ( €30, €25,€20 ) 01 4170000 / www.nch.ie

Foilsithe ar Gaelport.com