Gearrliosta ‘Leabhar na Bliana’ foilsithe
Deireadh Fómhair 7, 2013
Foilsíodh inniu gearrliosta na leabhar Gaeilge atá faoi scrúdú do ghradam ‘Leabhar na Bliana’. Roghnaíodh deich leabhar san iomlán, cúig cinn ar an ngearrliosta de leabhair do dhaoine óga agus cúig leabhar ar ghearrliosta an ghradaim de leabhair do dhaoine fásta. Foras na Gaeilge a chuireann ciste ar fáil don chomórtas agus Oireachtas na Gaeilge a dhéanann an riarachán ina leith
Bronnfar Gradam Réics Carló (daoine óga) ar cheann amháin de na leabhair seo:
- Mise agus an Dragún, scríofa ag Patricia Forde, maisithe ag Steve Simpson, foilsithe ag Futa Fata
- Gráinne Mhaol, scríofa ag Gisela Pizzatto, maisithe ag Bruno Bull, foilsithe ag Cló Mhaigh Eo
- Báidín Fheidhlimidh, Ionad Oideachais Ghort an Choirce a léírigh an pacáiste, , maisithe ag Dara McGee agus Deirdre Brennan, foilsithe ag Eoghan Mac Giolla Bhríde & Éabhlóid Vaimpír san Áiléar, scríofa ag Orna Ní Choileán, maisithe ag Alan Keogh, foilsithe ag Cois Life
- An Toirtís Chainteach, scríofa ag Aoife Ní Dhufaigh, maisithe ag Dómhnal Ó Bric, foilsithe ag Gathanna Gréine
Bronnfar Gradam Uí Shúilleabháin (daoine fásta) ar cheann amháin de na leabhair seo:
- Conamara agus Boston, scríofa ag Máirtín Ó Catháin, foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht
- Leabhar Laethanta, scríofa ag Donla uí Bhraonáin, foilsithe ag Cois Life
- Leabhar Mór na nAmhrán, curtha in eagar ag Mícheál O Conghaile, Lochlainn Ó Tuairisg agus Peadar Ó Ceannabháin, foilsithe ag Cló-Iar Chonnacht
- An Blascaod Mór, le Daithí agus Mícheál de Mórdha, foilsithe ag The Collins Press
- An Béal Bocht, scríofa ag Myles na gCopaleen, foilsithe ag Cló Mhaigh Eo
Fógrófar an bheirt bhuaiteoirí ag ócáid i mBaile Átha Cliath i lár Mhí na Samhna. “Meitheal mhistéireach is ea an scríbhneoir, an t-eagarthóir, an foilsitheoir agus an maisitheoir leabhar, an fhoireann dhlúth sin a thugann leabhar ar an saol”, a deir Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais. “Is saothar ealaíne ann féin gach leabhar atá ar ár gcuid gearrliostaí inniu agus tréaslaím a gcruthaitheacht agus a ndúthracht leis na meithleacha a thug chuig an bpobal léitheoireacht iad. Cúis áthais d’Oireachtas na Gaeilge go bhfuil an t-aitheantas cuí á thabhairt do na foilseacháin úra seo.”
Ag tagairt don ghearrliosta, dúirt Seán Ó Coinn, Leas-Phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, “Tá caighdeán na leabhar Gaeilge ag dul i dtreise gach aon bhliain agus ní haon eisceacht é caighdeán na bliana seo. Le maoiniú €80,000 ó Fhoras na Gaeilge, tá feachtas mór ar bun mar thacaíocht d’obair fhoilsitheoirí leabhar Gaeilge chun spotsolas a scaladh ar líon agus ar ardchaighdeán na leabhar atá ar fáil agus beidh tréan-iarracht ar siúl ag an earnáil foilseachán leabhar Gaeilge, ag súil gurb í seo an bhliain díolaíochta is fearr riamh a bheidh acu – agus béim mhór á cur ar leabhair Ghaeilge mar bhronntanais Nollag”.
Tuilleadh eolais;
Conall Ó Móráin, The Media Group, 087 2463 111