Méid an Téacs

Iarratas ar aighneachtaí

Samhain 28, 2013

Tá Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin ag lorg tuairimí ón bpobal i láthair na huaire maidir leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil dá chustaiméirí trí mheán na Gaeilge.
Cuireann an Bord fáilte roimh aighneachtaí ó aon pháirtithe leasmhara maidir le hullmhú na chéad scéim teanga i gcomhréir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Alt 11). Is é bun chuspóir an Achta ná fáil níos fearr agus caighdeán níos fearr a chinntiú maidir le seirbhísí poiblí trí Ghaeilge.

Is féidir aighneacht a dhéanamh trí ríomhphost: fiosruithe@gretb.ie nó tríd an bpost:
‘Scéim Teanga’,
Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin,
An Coiléar Bán,
Baile Átha an Rí,
Co. na Gaillimhe.

Is é an dáta deiridh ar a nglacfar le haighneachtaí ná 5 i.n. Dé hAoine, 20 Nollaig 2013.

Tá eolas maidir le mandáid agus na seirbhísí arna soláthar don phobal ag Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin ar www.countygalwayvec.ie, www.cgvec.ie agus www.roscommonvec.ie.

Aighneachtaí

Is cabhair mhór do na comhlachtaí poiblí iad na haighneachtaí on bpobal. Is féidir leis na comhaltaí poiblí mianta an phobail i leith na seirbhísí a theastaíonn uatha a mheas ón aschur a fhaigheann siad. Is féidir díriú ar chíbe seirbhís ón gcomhlacht poiblí sna haighneachtaí lena n-áirítear:
• Cumas Dátheangaigh Reatha an chomhlachta poiblí
• Tairiscint ghníomhach agus cothú éilimh
• Polasaí Earcaíochta agus Socrúcháin an chomhlachta poiblí – Im-fhálú ar phoist
• Rochtain ar cháipéisíocht / foirmeacha iarratais
• Comharthaíocht agus feiceálacht na Gaeilge ar an láthair oibre
• Cruinnithe Poiblí
• Riachtanais teanga sa Ghaeltacht
• Láithreán Gréasáin
• Córas Measúnaithe ar bhaint amach na spriocanna sa scéim
• Monatóireacht agus tuairisciú ar dhul chun cinn
• Poiblíocht ar an Scéim Comhaontaithe.

Foilsithe ar Gaelport.com