Méid an Téacs

Joe Mac Suibhne ceaptha ina phríomhoide ar Gael-Choláiste an Phiarsaigh

Eanáir 30, 2014

A chairde,

Is cúis mhór áthais dom a fhógairt gurb é Joe Mac Suibhne atá ceapaithe mar an chéad Phríomhoide ar Ghael-Choláiste an Phiarsaigh. Tá taithí na mblianta ag Joe ag plé le hoideachas lánGhaeilge agus é ag obair leis mar Phríomhoide san iarbhunscoil lánGhaeilge, Coláiste Chilliain, Cluain Dolcáin, le deich mbliain anuas.

Beidh sé i gceist ag Joe dul i mbun a chuid dualgais go luath i mí Mhárta. Eagrófar cruinniú “cur-in-aithne” idir thuismitheoirí na scoile agus Joe taobh istigh de choicís. Seolfar eolas maidir le dáta, am agus áit seo i gceann lá nó dhó.

Le gach meas,

Lorcán Mac Gabhann

Cathaoirleach Bhord Ghael-Choláiste an Phiarsiagh

https://www.facebook.com/GCanPhiarsaigh