Méid an Téacs

Lá amháin fágtha le cur isteach ar phacáiste tacaíochta don Oíche Chultúir – ná caill amach!

Meitheamh 28, 2018

A Chara,

Táim ag scríobh chugat maidir le hOíche Chultúir a bheidh ar siúl ar an Aoine 21 Meán Fómhair 2018, ó 4pm go 11pm, agus an iarracht atá ar bun againn cur le himeachtaí Gaeilge (taobh amuigh den Ghaeltacht) le linn na hOíche. Ó thosaigh muid ag plé leis seo dhá bhliain ó shin, tá méadú suntasach tagtha ar líon na n-imeachtaí Gaeilge le linn na hOíche, ó 86 i 2016 go 130 i 2017 ! Ní fhéadfaimis sin a dhéanamh gan comhpháirtíocht ó na heagrais Gaeilge thart timpeall na tíre.

Freastalaíonn thart ar 350,000 duine ar imeachtaí cultúir, oidhreachta agus ealaíon saor in aisce le linn Oíche Chultúir. Is deis í seo do ghrúpa/scoil a chur chun cinn, baill nua a mhealladh, aird a tharraingt ar bhur n-imeachtaí agus tuilleadh cairdis a chothú leis an bpobal.

Ar mhaithe leis sin, tá pacáiste tacaíochta á chur ar fáil againn d’aon ghrúpa a bheidh sásta imeacht cultúir, ealaíon nó oidhreachta a reáchtáil trí mheán na Gaeilge ar Oíche Chultúir. (Tabhair faoi deara nach féidir aon táille ar ghearradh ar dhaoine a bheidh páirteach nó a bheidh ag freastal ar imeachtaí na hoíche.) Ba chóir go dtabharfaidh an imeacht deis do chainteoirí Gaeilge níos mó úsáidte a bhaint as an nGaeilge.

Pacáiste Tacaíochta d’Oíche Chultúir:

  • Póstaeir le spás do shonraí an imeachta
  • Maoiniú airgid (uasmhéid €200, ach i gcásanna eisceachtúla) le costais an imeachta a chlúdach (ag braith ar mhaoiniú ón Roinn)
  • Poiblíocht san meáin shóisialta, Gaeilge, náisiúnta agus áitiúla

Samplaí d’imeachtaí gur féidir a reáchtáil d’Oíche Chultúir:

  • Seoltaí (Leabhair, scannáin, taispeántais)
  • Taispeántais (Ealaíon, Ceoil, Damhsa, Amhránaíochta)
  • Ceardlanna
  • Cainteanna
  • Seónna (Ceoil, drámaíochta)
  • Turais

Le leas a bhaint as an bpacáiste seo, caithfear sonraí an imeachta/na n-imeachtaí atá i gceist agat a reáchtáil a chlárú ar an bhfoirm thíos, agus má tá tú ag iarraidh iarratas a dhéanamh ar an gciste airgid, caithfear sonraí measta costais a thabhairt freisin. Caithfear an fhoirm comhlánaithe  a chur ar rphost chuig Oireachtas na Gaeilge  ag majella@antoireachtas.ie faoi 5pm ar an Aoine 29 Meitheamh 2018, le bheith áirithe ar an gclár imeachtaí.

Is deis iontach í Oíche Chultúir aird a tharraingt ar na gníomhaíochtaí a bhíonn ar bun ag na heagrais Gaeilge agus mholfainn duit leas a bhaint as an deis seo agus as an bpacáiste tacaíochta atá á chur ar fáil.  Má tá aon cheist agat faoi seo, ná bíodh aon drogall ort dul i dteagmháil liom ag 087 9776852.

Le dea-mhéin,

Majella Ní Chríocháin
Oifigeach Imeachtaí & Forbairt Freastail

Breis Eolais & Foirm Chlárúcháin d’Oíche Chultúir

Seol chuig majella@antoireachtas.ie faoi 5pm Dé hAoine 29 Meitheamh 2018. Mura bhfaighidh tú rphost admhála go luath i ndiaidh d’iarratas a chur isteach, déan teagmháil arís ar rphost.