Méid an Téacs

Léiriú dorcha do “Pinocchio” ar camchúirt le linn Seachtain na Gaeilge 2013

Feabhra 27, 2013

Má cheapnn tú go bhfuil scéal Phinocchio ar eolas agat, tá dul amú ort …

Beidh an seó Tromluí Phinocchio / Pinocchio – a Nightmare, a fuair árd-mholadh ó léirmheasóirí agus lucht féachanna araon agus é ar siúl i bhFéile Imeallach Bhaile Átha Cliath (Dublin Fringe Festival), ar camchúirt ar fud na tíre le linn Seachtain na Gaeilge 2013.

Bronadh an teideal “Best Irish Language Show of 2012” ar an seó ar shuíobh an IrishTimes.com, agus bhain an seó áit amach sna “Top 10 Theatre Productions of 2012” ar Entertainment.ie.

Déan cinnte gan an seó samhlaíoch, draoíochtúil seo a chailleadh agus é in amharclann gar duit!

Sa leagan seo den tsean-scéal, déagóir is ea Pinocchio, fear óg agus cloigeann adhmaid air, nach mbraitheann comhmhuintearas lena athair Geppetto. Díríonn an léiriú ar an dtaobh dorcha den bhfíor-scéal cáiliúil, agus leanann muid an déagóir agus é ag cur aithne ar dhomhain aisteach, ina bhfuil ainmhithe agus cumas cainte acu, puipéidí beo, agus gach saghas camiléireachta!

Is léiriúchán é seo atá lán le híomhánna agus samhlaíocht. Déanann na haisteoirí an ceol, na héifeachtaí fuaime, agus an soilsiú beo ar an stáitse, chun an domhan draíochtúil ina bhfuil Pinocchio a léiriú.

Tá Gaeilge agus Béarla sa seó, mar sin tá sé in oiriúint do gach duine, is cuma cé mhéid Gaeilge atá aige/aici.

Is dráma é Tromluí Phinocchio / Pinocchio – a Nightmare a chabhróidh leat Seachtain na Gaeilge — agus Bliain na Gaeilge — a cheiliúradh, bíodh an ‘cúpla focal’ agat nó ná bíodh.

Ós rud é go bhfuil an seó bunaithe ar an bhfíor-leagan dorcha den scéal, níl an léiriú seo oiríunach do pháistí níos óige ná 11 bliain.

Beidh Tromluí Phinocchio / Pinocchio- A Nightmare ar siúl sna hionaid seo a leanas:

The Pavilion, Dún Laoghaire 5ú Márta 10am & 12pm
The Dock Cora Droma Rúisc (Carrick-on-Shannon) 6ú Márta 12pm & 2pm
Axis Baile Munna (Ballymun) 11ú Márta 1.30pm & 8pm
The Source Durlas Éile (Thurles) 15ú Márta 10.30am & 12.30pm
Riverbank Arts Centre Droichead Nua (Newbridge) 21ú Márta 1pm & 3pm

Chun tuilleadh eolais a fháil, caith súil ar www.moonfishtheatre.com