Méid an Téacs

Líonra Réigiúnach – Cruinniú i gColáiste Eoin, BÁC, 6ú Aibreán

Márta 30, 2011

Tá Gaelscoileanna Teo. ag iarraidh gréasán tacaíochta a spreagadh idir scoileanna, le go mbeidh deiseanna rialta ag pobail na scoile saineolas agus taithí a roinnt ar a chéile, dúshláin a phlé agus obair i dteannta a chéile. Chuige sin, tá an tír roinnte i 16 réigiúin againn agus táimid i mbun cruinnithe a eagrú i ngach ceann acu siúd.  Tugtar cuireadh do phobail na scoileanna áitiúla teacht agus bualadh le chéile i dteannta le hionadaí ón eagraíocht. Beidh cruinniú ar siúl i gColáiste Eoin, Bóthar Stigh Lorgan, Co. Átha Chliath ar an 6 Aibreán ag 4pm. Seo thíos na scoileanna atá san áireamh sa cheantar:

  • Gaelscoil Lios na nÓg
  • Scoil Bhríde
  • Scoil Mológa
  • Coiste bunaithe Gaelcholáiste Dheisceart Átha Cliath
  • Gaelscoil Chnoc Liamhna
  • Gaelscoil Thaobh na Coille
  • Scoil Naithí
  • Scoil Lorcáin
  • Coláiste Eoin
  • Coláiste Íosagáin
  • Gaelscoil Phádraig

Tá na cruinnithe ar oscailt do phobal uile na scoileanna; foireann, Boird Bainistíochta, tuismitheoirí agus coistí bunaithe lonnaithe sa cheantar – ar ndóigh bheadh gach fáilte roimh toscaireacht ón scoil/coiste má tá cúpla duine gur mian leo teacht! Cuirfear tae, caife agus ceapairí ar fáil, beidh cur i láthair gearr ann maidir leis na tacaíochtaí atá ar fáil ó Ghaelscoileanna Teo. agus ansin beidh deis plé ann ar na féidearthachtaí a fheiceann sibh i leith tacú agus comhoibriú lena chéile amach anseo.

Tá tuilleadh eolais le fáil ach ríomhphost a chur go Clare: cspainneach@gaelscoileanna.ie.