An tAire Quinn ag iarraidh a dtuairimí faoi roghanna pátrúnachta do bhunscoileanna ar thuismitheoirí
Deireadh Fómhair 22, 2012
Is iad na tuismitheoirí san Inbhear Mór, Caisleán an Bharraigh, Trá Mhór, Baile Átha Troim agus Fionnbhrú is túisce a ndéanfar suirbhé orthu sa scéim phíolótach
Mar thionscnamh nua, táthar ag iarraidh ar thuismitheoirí i roinnt áirithe ceantar roghnaithe cé hiad na pátrúin a ba mhaith leo iad a fheiceáil ag reáchtáil a gcuid bunscoileanna áitiúla.
Níos luaithe i mbliana, rinne an Grúpa Comhairleach ag an bhFóram faoi Phátrúnacht agus Iolrachas san Earnáil Bhunscoile moltaí don Aire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn TD faoi dhífheistiú pátrúnachta áit a bhfuil an daonra cobhsaí agus éileamh ar éagsúlacht chineálacha scoileanna.
Tar éis na torthaí seo a fháil, tá an tAire tar éis tosnú ar phróiseas nua chun an cheist a iniúchadh an bhféadfaí roinnt scoileanna a aistriú go dtí comhlachtaí pátrúnachta eile i 44 ceantar ar fud na tíre.
Táthar ag tosnú inniu ar suirbhé a dhéanamh ar thuismitheoirí páistí réamhscoile agus bunscoile i gcúig cheantar tosaigh. Is iad na ceantair sin ná An tInbhear Mór, Caisleán an Bharraigh, Trá Mhór, Baile Átha Troim agus Fionnbhrú (An Chill Mhór Thiar agus Beaumont san áireamh) i mBaile Átha Cliath.
Tá cód iompair déanta amach i gcomhairle leis na comhlachtaí pátrúnachta a chuirfidh teorainn le caiteachas ar sholáthar an eolais. Tá an cód ceaptha chun a chinntiú go seolfar na suirbhéanna i mbealach réasúnta, agus go seachnófar tráchtaireacht chonspóideach.
Ag lainseáil an tionscnaimh dó, dúirt an tAire Quinn, “I gcás an-chuid tuismitheoirí is é seo an chéad uair a mbeidh fíor-rogha acu maidir leis an gcineál bunscoile a ba mhaith leo a bpáistí a bheith ag freastal uirthi, bíodh sí sainchreidmheach, il-sainchreidmheach, lán-Ghaelach nó cineál eile.”
“Tá Éire na nua-aoise an-éagsúil agus ní mór dúinn a bheith cinnte go bhfónann ár scoileanna don éagsúlacht seo. Bíodh is go bhfuilimid faoi chomaoin ag comhlachtaí reiligiúnacha mar gheall ar a gcion oibre san oideachas, tá an fhéidearthacht ann anois go n-athrófaí an córas pátrúnachta bunscoile chun gur fearr a mbeadh sé ag réiteach leis an tsochaí atá anois ann.”
Táthar ag iarraidh ar thuismitheoirí na bpáistí réamhscoile agus bunscoile sna háiteanna seo suirbhéanna a chomhlánú ag cur in iúl céard iad a gcuid roghanna maidir leis an gcineál bunscoile a ba mhaith leo a bpáistí a bheith ag freastal uirthi.
Is éard tá i gceist ná a fháil amach arbh fhearr le tuismitheoirí rogha níos leithne a bheith acu maidir le pátrúnacht scoile ná mar atá acu faoi láthair. Bainfear feidhm as freagraí na dtuismitheoirí chun a chinneadh céard iad na hathruithe, más ann dóibh, gur cheart iad a dhéanamh chun raon níos leithne cineálacha bunscoile a chur ar fail sna háiteanna seo.
Is iad na pátrúin atá ann faoi láthair sna cúig cheantar phíolótacha ná An Foras Pátrúnachta agus easpaig de chuid na hEaglaise Caitlicí agus Eaglais na hÉireann.
Is iad na comhlachtaí pátrúnachta atá tar éis a léiriú go mba shuim leo bheith ina bpátrúin ar scoileanna dífheistithe sna cúig cheantar ná An Foras Pátrúnachta, Ag Foghlaim le Chéile, CGOanna, an Líonra Náisiúnta Foghlama, agus an Redeemed Christian Church of God.
Lean an tAire Quinn air, “Táim ag gríosú na dtuismitheoirí intofa go léir chun deimhin a dhéanamh de go n-éistfear dá nglór trí páirt a ghlacadh sna suirbhéanna seo. Deis stairiúil í seo do thuismitheoirí chun tírdhreach na bunscolaíochta a athchumrú do na glúine atá le teacht.”
“Tar éis don suirbhé a bheith píolótaithe sna cúig cheantar tosaigh, beimid á chur i bhfeidhm sna 44 ceantar eile an mhí seo chugainn.”
Is é an Grúpa neamhspleách um Scoileanna Nua a Bhunú a dhéanfaidh maoirseacht ar phróiseas an tsuirbhé. Foilseoidh an Roinn tuairiscí mionsonraithe ar thorthaí na suirbhéanna.
Má shonraíonn na suirbhéanna éileamh ar phátrúnacht eile sna ceantair seo, breithneoidh an Roinn aistriú phátrúnacht scoileanna i gcomhar leis na pátrúin atá ann cheana.
Tá an suirbhé le fáil ag: www.education.ie agus iarrtar ar gach tuismitheoir agus caomhnóir intofa é a chomhlánú ar líne faoi 9ú Samhain. Moltar do thuismitheoirí agus caomhnóirí a n-uimhir PSP a bheith in aice láimhe acu nuair a bheidh siad ag rochtain ar an suirbhé ar líne mar iarrfar seo chun críocha bailíochtaithe.
Tá líne chabhrach saor ar fáil sa Roinn d’aon duine a bhfuil deacrachtaí ar bith aige/aici ag comhlánú an tsuirbhé: 1800 303621. Beidh an Líne Chabhrach seo ar oscailt ó 9.30am go 1pm agus ó 2pm go 5pm ón Luan go dtí an Aoine.
Mas rud é nach féidir le tuismitheoirí rochtain ar an suirbhé ar líne, is féidir cóip chrua a iarraidh ach glaoch a chur ar an uimhir shaorghlao 1800 303621.
CRÍOCH
Liosta nuashonraithe ceantar le cur san áireamh i gcéim tosaigh na suirbhéanna
An tInbhear Mór
Béal an Átha
Béal Átha na Sluaighe
Baile Formaid/Séipéal Iosóid/Baile Phámar/Gort na Silíní[1]
Droichead na Bandan
Biorra
Bun Cranncha
Carraig na Siúire
Carraig Uí Leighin
Caisleán an Bharraigh
Cill Droichid
Cluain Meala
Cóbh
Baile Átha Cliath 6
Dún Garbháin
Éadan Doire
Inis Córthaidh
Mainistir Fhear Maí
Ceanannas
Cill Dara
Cill Airne
Léim an Bhradáin
An Longfort
Baile Locha Riach
Mullach Íde
Muineachán
An tAonach
Ros Mhic Thriúin
An Pasáiste Thiar
Port Mearnóg
Ros Comáin
Ros Cré
An Ros
Sionainn
Na Sceirí
Durlas
Tiobraid Árann
Trá Mhór
Baile Átha Troim
Tuaim
Cathair na Mart
Cill Mhantáin
Eochaill
Fionnbhrú (An Chill Mhór Thiar agus Beaumont san áireamh)
[1]Nótail le do thoil go bhfuil an ceantar seo ag dul in ionad Baile Átha Cliath 4 sa liosta bunaidh de 44 ceantar, mar go n-osclófar bunscoil nua sna blianta atá le teacht a chuirfidh éagsúlacht ar fáil i gceantar Baile Átha Cliath 4