Méid an Téacs

MÓRLÉIRIÚ BHLIAIN NA GAEILGE 2018

Lúnasa 29, 2018

PREASRÁITEAS

MÓRLÉIRIÚ BHLIAIN NA GAEILGE 2018

Beidh Aisling? – mórléiriú stáitse gradamúil de shaothair nuachoimisiúnaithe ó scoth na n-ealaíontóirí Gaeltachta á léiriú ar fud na tíre an Fómhar seo mar bhuaic ar Bhliain na Gaeilge 2018 agus tús á chur le camchuairt náisiúnta sa Town Hall Theatre i nGaillimh ar an Aoine 31 Lúnasa 2018.

Léirithe agus stiúrtha ag an drámadóir aitheanta Darach Mac Con Iomaire, tugann Aisling? an pobal ar thuras machnamhach ealaíne chun scéal na nGael agus na Gaeltachta a chíoradh go taibhsiúil le ceol, filíocht, damhsa agus na fís-ealaíona.

Curtha i láthair ag Ealaín na Gaeltachta, is léiriú eisiach é Aisling? de shaothair nua-chumtha de chuid mór-ealaíontóirí comhaimseartha na Gaeltachta – idir cheoltóirí, filí, scríbhneoirí, dearc-ealaíontóirí agus cumadóirí, ina measc:

Mairéad Ní Mhaonaigh, Dún na nGall, Amhránaí/Fidil

Seán Ó Flaithearta, Inis Mór, Amharc-ealaíontóir/Dearthóir

Pól Ó Ceannabháin, Conamara, Amhránaí/Cnaguirlisí

Méabh Ní Bheaglaíoch, Corca Dhuibhne, Mileoidean/Amhránaí

Ciarán Ó Maonaigh, Dún na nGall, Fidil/Taibheoir

Johnny Óg Connolly, Conamara, Mileoidean/Cumadóir

Caoimhín Ó Fearghail, An Rinn, Píobaire/Fliúiteadóir/Basúcaí

Eoghan Mac Giolla Bhríde, Dún na nGall, Scríbhneoir/Taibheoir

Róisín Seoighe, Conamara, Amhránaí/Damhsóir

Eoin Mac Donncha, Conamara, Damhsóir Comhaimseartha

Eoin Geoghegan, Conamara, Aisteoir/Taibheoir

Tá níos mó i gceist le Aisling? ná oíche cheoil agus ealaíne áfach – spreagann agus dúisíonn sé spiorad pobail i ngach lucht féachana a fheiceann é trí bheith mar nasc cruthaitheach chuig an ionracas ealaíonta a thug inspioráid do cheannairí físeacha 1916. Mór-thaispeántas cultúrtha é Aisling? a fhanann glan d’aon turas ar ghnáth-leagan amach ceolchoirme stáitse. Ina áit seo, tugann Aisling? cuireadh do phobail na hÉireann nascadh in athuair lena ndúchas, lena n-oidhreacht agus lena bhfuil in ann dúinn mar phobail, le scoth an cheoil agus na healaíne nua-chumtha ó scoth na n-ealaíontóirí Gaeltachta. Tapaigh an deis – ceannaigh do thicéad anois mar beidh tóir orthu…

 

Town Hall Theatre GAILLIMH Aoine 31 Lúnasa & Satharn 1 Meán Fómhair 091 569777 • www.tht.ie

Olympia Theatre BAILE ÁTHA CLIATH Aoine 28 Meán Fómhair 0818 719330 • www.ticketmaster.ie

Theatre Royal PORT LÁIRGE Máirt 13 & Céadaoin 14 Samhain 051 874402 • boxoffice@theatreroyal.ie

Cultúrlann MacAdam Ó Fiaich BÉAL FEIRSTE Aoine 16 & Satharn 17 Samhain 02890 964180 • oifigfailte@culturlann.ie

Cultúrlann Uí Chanáin DOIRE Máirt 20 & Céadaoin 21 Samhain 02871 264132 • eolas@culturlann-doire.ie

Halla Pobail RÁTH CHAIRN Satharn 24 & Domhnach 25 Samhain 046 9432068 • rathcairn@eircom.net

 

Agallaimh, pictiúir agus eolas ar fáil ach teagmháil a dhéanamh le

Breandán Ó hEaghra ag 087 6940788 nó breandan@measmedia.com