Nóta tábhachtach: Comhdháil na Ceannasaíochta ar ceal
Meitheamh 19, 2012
Is oth le GAELSCOILEANNA TEO. a chur in iúl duit go raibh orainn an chomhdháil a bhí beartaithe do mhí Lúnasa ar fhorbairt na ceannasaíochta a chur ar ceal i bhfianaise a laghad rannpháirtithe a bhí cláraithe. Ón aiseolas a fuair muid, tá an-fhiúntas leis an gclár féin ach ní fheileann an tseachtain sin (22-23 Lúnasa) agus daoine ar saoire an tsamhraidh go fóill. Faraor, ní raibh aon tsolúbthacht ann i dtaobh na ndátaí mar go raibh sé le bheith mar chuid de scoil samhraidh an RTU ó thuaidh.
Ba mhaith linn áfach triail a bhaint as é a rith arís, b’fhéidir sa bhfómhair, agus d’fháilteoimis go mór roimh aon mholtaí uait maidir le:-
- Tréimhsí/téarmaí feiliúnacha i ndialann an Phríomhoide/Leas-Phríomhoidí?
- Laethanta: an bhfeilfeadh lá iomlán Aoine agus Satharn éigin?
- Suíomh: an mbeadh BÁC nó suíomh eile lár tíre feiliúnach le haghaidh oiliúna uile-oileánda ó thaobh rochtana de?
Gabhaimid buíochas leo siúd a chláraigh don oiliúint agus tá súil agam go bhfeilfeadh cibé socrú nua a dhéanfar amach anseo duit.