Oifigeach Tionscadail de dhíth do Scéim ‘Gaelbhratach’
Meán Fómhair 2, 2013
Scéim phíolótach í seo, urraithe ag Foras na Gaeilge, a thabharfaidh tacaíocht agus treoir do mhúinteoirí, agus a chuirfidh ar chumas scoileanna aitheantas cuí a fháil as a gcuid oibre chun an Ghaeilge chumarsáideach a chur chun cinn.
Oifigeach Tionscadail (Leibhéal Bunscoile)
Fáiltíonn Gael Linn roimh iarratais do phost mar Oifigeach Tionscadail. Beidh an té a cheapfar i mbun forbartha ar scéim ‘Gaelbhratach’ ag leibhéal na bunscoile.
Beidh sárthuiscint ag iarrthóirí ar an gcuraclam bunscoile agus ar na heagrais éagsúla atá bainteach le cúrsaí oideachais ag an mbunleibhéal.
Riachtanais an phoist:
- Cáilíocht 3ú leibhéal sa Ghaeilge/sa mhúinteoireacht
- Taithí mhúinteoireachta
- Sárchaighdeán Gaeilge, idir labhartha agus scríofa
- Scileanna láidre idirphearsanta
- Scileanna maithe eagrúcháin, ar a n-áirítear scileanna ríomhaireachta
- Teacht ar charr
Post ar chonradh a bheidh i gceist; tréimhse go Nollaig 2013, mar thús. Ní mór don té a cheapfar a bheith ar fáil chun dul i mbun oibre gan mhoill.
Seoltar CV roimh 12 nóin ar an Aoine 6 Meán Fómhair 2013 chuig: Máire Harris, Gael Linn, 35 Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath 2. Teil 01-6751200 maireh@gael-linn.ie
Oifigeach Tionscadail (Leibhéal Iar-bhunscoile)
Fáiltíonn Conradh na Gaeilge roimh iarratais do phost mar Oifigeach Tionscadail. Beidh an té a cheapfar i mbun forbartha ar scéim ‘Gaelbhratach’ ag leibhéal na hiar-bhunscoile.
Beidh sárthuiscint ag iarrthóirí ar an iar-bhunscolaíocht agus ar na heagrais éagsúla atá bainteach le cúrsaí oideachais ag an dara leibhéal.
Riachtanais an phoist:
- Cáilíocht 3ú leibhéal sa Ghaeilge/sa mhúinteoireacht nó a chomhionann
- Taithí mhúinteoireachta nó a chomhionann
- Sárchaighdeán Gaeilge, idir labhartha agus scríofa
- Scileanna láidre idirphearsanta
- Scileanna maithe eagrúcháin, ar a n-áirítear scileanna ríomhaireachta
- Teacht ar charr
Post ar chonradh a bheidh i gceist; tréimhse go Nollaig 2013, mar thús. Ní mór don té a cheapfar a bheith ar fáil chun dul i mbun oibre gan mhoill.
Seoltar CV roimh 12 nóin ar an Aoine 6 Meán Fómhair 2013 chuig: Julian de Spáinn, Conradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2. Teil 01-4757401 post@cnag.ie