Méid an Téacs

Plé faoi Dhúshláin na n-Iarbhunscoileanna Oileánda ag Comhdháil Bord Oideachais & Oiliúna Éireann

Deireadh Fómhair 2, 2017

Pléadh dúshláin na n-iarbhunscoileanna oileánda ag Comhdháil Bord Oideachais & Oiliúna Éireann (BOOÉ) a bhí ar siúl ón 20 go dtí an 21 Meán Fómhair in óstán an estáit Lyrath i gCill Chainnigh. Bhí Richard Bruton, an tAire Oideachais & Scileanna i láthair ag an gComhdháil.

B’é an Comhairleoir Seán Ó Tuairisg, Comhairleoir Contae agus toscaire Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin, a thug an t-aitheasc. Mhínigh sé an dlúthcheangal atá idir an scoil oileánda agus an pobal oileánda – d’oireasa na scoileanna, bheadh na hoileáin i mbaol a mbánaithe. Rinne sé an pointe nach ionann dúshláin scoileanna na n-oileán agus scoileanna beaga cé go bhfuil cuid mhaith de na dúshláin chéanna i gceist agus go gcaifear dul i ngleic leis na dúshláin ar leith a bhaineann leis na hiarbhunscoileanna oileánda.

Is cúig iarbhunscoil oileánda atá sa tír. Tá trí scoil díobh ar Árainn – Coláiste Ghobnait ar Inis Óirr, Coláiste Naomh Eoin ar Inis Meáin agus Coláiste Naomh Éinne ar Inis Mór maraon le Gairmscoil Mhic Diarmada ar Oileán Árainn Mhór agus Coláiste Pobail Cholmcille ar Oileán Thoraí.

Thrácht sé ar an 7 mórdhúshlán atá roimh an cúig iarbhunscoil – is iad sin Leithdháileadh Múinteora; Rochtain ar fhoireann cháilithe atá inniúil sa Ghaeilge; Buiséad Scoile neamhdhóthaineach; Rollú agus Scoláireachtaí, Stádas neamhspleách a bhaint amach do Coláiste Naomh Eoin, Inis Meáin; Stádas DEIS agus Rochtain ar na hOileáin agus mhol sé réiteach do gach aon cheann de na dúshlán le mórchostas de €590,905 chun na dúshláin ar fad a réiteach dá nglacfaí leis na moltaí a dúirt sé. Is beag an infheistíocht í chun todhchaí na n-iarbhunscoileanna agus dá réir todhchaí na n-oileán a chinntiú agus a bhuanú.

Is é an dúshlán a bhaineann leis an leithdháileadh múinteora mar a sheasann sé ná nach n-aithníonn an múnla leithdháileadh múinteora, mar atá, riachtanais agus dúshláin scoileanna na n-oileán, idir an cóimheas idir dhaltaí agus múinteoirí agus leithdháiltí eile. Is é nadúr scoileanna oileánda go mbeadh líon beag daltaí iontu, rud a chiallaíonn go bhfuil foirne teagaisc beaga iontu agus ní féidir curaclam oiriúnach, caighdeánach a chur ar fáil le dáileadh beag múinteoirí, ná go deimhin an tseachtain chaighdeánach de 28 uair do scoláirí a sholáthar chun cloí le rialacha na Roinne Oideachais agus Scileanna.

Anuas air sin, níl aitheantas ‘Scoil Comhoideachasúil in abhantracht scoile singil’ ag scoileanna áirithe oileánda, agus dá bharr níl siad ag fáil an leithroinnt de 0.5 CL (cóibhéis lánaimseartha). Tugtar an t-aitheantas seo ar bhonn geografach ach ní aithnítear an dúshláin taistil atá ag scoil ar oileán. Ainneoin go bhféadfadh scoil eile a bheith ar oileán eile nó ar an mórthír, níl siad sin insroichte, agus dá réir ba cheart an 0.5 CL seo a bheith ag gach ceann de na 5 scoil oileánda.

Laghdóidh an múnla nua maidir le leithroinnt & dáileadh uaireanta Tacaíochta Foghlama líon na múinteoirí sna scoileanna oileánda freisin le himeacht den 0.9 WTE teagaisc thar am ó 2019 ar aghaidh.

Is é an réiteach a moladh ná go méadófaí an leithdháileadh múinteora do scoil oileánda ó 1 CL reatha go 2.5 CL (sin 1.5 i 5 scoil). Bheadh costas €327,090 air sin. Chinnteodh sé curaclam oiriúnach, deiseanna imeachtaí seach-churaclam agus chinnteodh sé sábháilteacht na ndaltaí agus foireann na scoileanna. Iarrtar go gcuimseofaí an cúig scoil oileánda mar ‘Scoileanna comh-oideachasúla in abhantracht scoile singil’ agus go dtabharfaí an leithroinnt de 0.5 CL leis an aitheantas seo don chúig iarbhunscoil oileánda.

Maidir leis an dúshlán a bhaineann le Rochtain ar fhoireann cháilithe atá inniúil sa Ghaeilge, tá sé an-dúshlanach múinteoirí cuí, cáilithe atá inniúil sa Ghaeilge a aimsiú chun teagasc ar na hoileáin. Leis seo, bíonn athraithe go bliantúil i measc foirne scoileanna oileánda. Tá costas sa bhreis ag baint le múineadh ar oileán, idir costas taistil, costas lóistín agus costas maireachtála.

Is é an réiteach a moladh agus dhéanfadh sé inmharthanacht na scoileanna oileánda a chinntiú ná go dtabharfaí ar ais an Liúntas Oileánda de €1,600 do mhúinteoirí. Is é an costas a bheadh ar seo na €16,000 (10 CL X €1,600), don mhéadú sa leithdháiledh múinteora atá ag teastáil. Choinnigh múinteoirí sa chóras roimh 2011 an liúntas seo ar bhonn pearsanta.

Ar an tríú dúshlán, bhí Buiséad Scoile neamhdhóthaineach. Ní aithnítear an costas breise atá ar scoileanna oileánda i leithdháileadh bhuiséid na scoileanna sin. Tá go leor costas sa bhreis ar scoil oileánda ach go háirithe costas taistil, costas laistis, costas breise deisiúcháin agus seirbhísí scoile. Tá costas ollmhór taistil ag baint le daltaí ag freastal ar ghnáthimeachtaí scoile ar an mór-thír ar nós cluichí, taispeántais agus comórtais.

Moladh go méadófaí buiséad don scoil oileánda de €20,000. Is é an costas iomlán a bheadh ar seo ná €100,000 don chúig scoil.

I dtaca leis an dúshlán a bhaineann le Rollú agus Scoláireachtaí, is é nadúr na scoileanna oileánda go bhfuil daonra beag scoláirí iontu. Tá tionchar aige seo ar an gcuraclam, líon na múinteoirí agus dá bhrí sin ar na deiseanna a chuirtear ar fáil do na scoláirí. Faoi láthair, cuireann Roinn na Gaeltachta 30 scoláireacht ar fáil do na hiarbhunscoileanna ar an trí oileáin Árainn.

Moladh go dteastaíonn méadú i líon na scoláireachtaí a chuirtear ar fáil ó 30 go dtí 60 scoláireacht. Is é an costas a bheadh ar seo ná €150,000 don Roinn Cultúir, Oidhreachta & Gaeltachta.

Maidir leis an iarbhunscoil ar Inis Meáin, Coláiste Naomh Eoin, níl stádas neamhspleách ag an scoil. Is aonad í agus déantar Coláiste Naomh Eoin a bhainistiú ó Choláiste Cholmcille, Indreabhán, ar an mórthír. Ní dhéanann sé ciall go mbeadh Coláiste Cholmcille ag bainistiú scoil oileánda agus níl an córas mar atá ag freastal ar riachtanais Cholaiste Naomh Eoin san am i láthair. Ba shocrú é seo a rinneadh nuair a osclaíodh Coláiste Naomh Eoin chun go bhféadfaí oideachas iarbhuncoile a chur ar fáil ar Inis Meáin.

Iarrtar go mbronnfaí stadas neamhspleách ar Choláiste Naomh Eoin, Inis Meáin (ar an mbonn céanna agus atá cheana féin ag Coláiste Ghobnait Inis Oírr) agus go bhfaighfidh an scoil sin an fhreagracht bainistíochta agus acmhainní, ach go háirithe Príomhoide agus Príomhoide Tánaisteach, nach bhfuil ann faoi láthair.

Moltar go dtabharfaí stádas DEIS don 5 iarbhunscoil oileánda ar an mbonn go bhfuil siad scoite amach ón gcósta agus na míbhuntáistí a bhaineann leis seo. Tugann drochaimsir tríd an geimhreadh dúshláin breise do scoláirí agus múinteoirí a bhíonn ina leithéid de scoileanna. Tugann an easpa seirbhísí scoile trí Ghaeilge go ginearálta dúshlán, agus míbhuntáiste ach go háirithe do scoileanna ar oileáin (SNSO nó NEPS; seirbhísí meabhairshláinte; seirbhísí sláinte ginearálta). Is annamh go mbacann institiúid ardoideachais le cuairt a thabhairt ar scoileanna ar oileáin ná iad a a chur san áireamh dá gcuid imeachtaí. Ní fhaigheann scoileanna ar oileáin cuairteanna inscoile ná seirbhísí oideachais ar ghnáthnós iad do scoileanna ar an mórthír.

Is dúshlán mór é Rochtain ar na hOileáin do na scoileanna oileánda. Níl an tseirbhís aeir ná an tseirbhís farantóireachta, mar atá, ag comhlíonadh riachtanais scoileanna na n-oileán. Iarrtar go gcuirfí seirbhísí taistil cuí, oiriúnach ar fáil, i gcomharliúcháin leis BOOGRC, an fostaí is mó ar an trí Oileáin Árann, chun riachtanais na scoileanna a shásamh agus chun go mbeidh cinnteacht don todhchaí. Is é pobal scoileanna leis BOOGRC is mó a bhaineann úsáid as na seirbhísí taistil.

Chuir Gaeloideachas aighneacht a bhí bunaithe ar na héilimh chéanna mar a bhaineann leis na hiarbhunscoileanna oileánda faoi bhráid Buan-Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán i mí an Mheithimh seo caite. Pléadh cás na mbunscoileanna oileánda san aighneacht chomh maith.

Deir Ó Tuairisg nach bhfuil aon gheallúint ar an gceist seo tugtha fós ag an Aire Bruton.

Is ceist í seo faoi chearta na scoláirí óga, faoi chearta phobail na n-oileán agus má táimid ag iarraidh go mbeidh pobail ar na hoileáin sna blianta amach romhainn, ní mór polasaithe cuí a chur i bhfeidhm chun é sin a chinntiú mar atá á dhéanamh ag ár gcomharsana thar muir, na Sasanaigh, agus ag go leor tíortha eile ar fud an domhain.