Ranganna Gaeilge in Oideas Gael 2013
Eanáir 9, 2013
Beidh neart ranganna Gaeilge mar aon le Scoil Shamhraidh Teanga agus Cultúir á reáchtáil ag Oideas Gael atá lonnaithe i nGleann Cholm Cille i nDún na nGall in 2013.
Tá éagsúlach iontach de ranganna ar fáil arís i mbliana ranganna seachtaine, ranganna deireadh seachtaine atá feiliúnach do gach leibhéal ó tosaitheoirí chomh maithe le ranganna i gcruinneas sa Ghaeilge.
Bíonn na ranganna ar siúl i ceantar álainn i ndeisceart Chontae Dhún na nGall. An rud is spéisiúil faoi na cúrsaí seo ná go bhfaigheann daoine deis iontach
Ghaeilge a úsáid in imeachtaí éagsúla ar feadh tréimhse na gcúrsaí le linn dóibh a bheidh sa cheantar.
Bíonn neart imeachtaí cultúrtha eagraithe idir ceol traidisiúnta, damhsa agus amhránaíochta agus péintéireacht.
Beidh cúrsaí a mhairfidh seachtain ar siúl in Oideas Gael ó mhí Mhárta – Lúnasa 2013.
Tá tuilleadh eolais i dtaobh cúrsaí le fail ó:
Oideas Gael
Gleann Cholm Cille
Co. Dhún na nGall
Fón: +353 (0)74 97 30 248
Faics: +353 (0)74 97 30 348
Ríomhphost: oideasgael@eircom.net
Suíomh gréasán: www.oideasgael.com