Méid an Téacs

Scéalta ó Ghaelscoil Chaladh an Treoigh

Bealtaine 31, 2012

Bog Stop
Chuaigh rang V i nGaelscoil Chaladh an Treoigh ar thuras go dtí an Dubhlann i cathair na Gaillimhe ar an Luan 21/05/2012. Glac siad páirt sa sraith teilifíse Bog Stop agus d’éirigh go hiontach leo ann. Bhí 6 iomaitheoir ón rang ag freagairt ceisteanna ar an ‘Zón’ agus bhí na páistí eile sa lucht féachana. Bhaineamar an-taitneamh as an lá agus táimid ag tnúth go mór leis an sraith a fheiceáil ar an teilifís am éigin i 2013.

RITH 2012
Bhain Gaelscoil Chaladh an Treoigh páirt i rith 5km i bPáirc Mhóin a Lín an Aoine seo caite (11ú Bealtaine). Rinne gach páiste iarracht idir 1 – 5km a rith. Ghlac na múinteoirí agus cúpla tuismitheoir páirt freisin. Bhailigh na daltaí airgead i gcomhair an scoil nua. Bhí an t-ádh linn leis an aimsir. Ní raibh scamall san spéir fad is a bhí gach duine ag rith. Bhain gach duine an–taitneamh as an tráthnóna. Thug na tuismitheoirí deochanna do na reathaí agus iad ag dul timpeall. Bhí ceol ann agus bhí fonn rith ar gach duine. Tháinig cuairteoirí speisialta, Clár Ní Chonchubhair agus Séamus Hickey, chun an rith a fheiscint. Imríonn Clár Ní Chonchubhair le foireann camógaíochta Loch Gorman. Is imreoir den scoth í. Bhuaigh sí dhá bhonn ‘All Star’ – an chéad cheann i 2010 agus an dara cheann i 2011. D’oibrigh Clár mar mhúinteoir san scoil seo blianta ó shin.Imríonn Séamus Hickey ar foireann iománaíochta Luimní agus fuair sé duais speisialta ‘Vodafone Young Player of the Year’ i 2007. Is lúth-chleasaí an-cumasach é.Bhronn siad teastas ar na daltaí agus bhí áthas an domhain ar gach éinne a bhuail leo. Bhí go leor dalta ag iarradh síniú a fháil ó na imreoirí cáiliúla!