Méid an Téacs

Scéim Teanga, Acht Na dTeangacha Oifigiúla Seolta Ag Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath

Iúil 20, 2012

Tá Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath tar éis Scéim Teanga 2012-2015 na hInstitiúide, faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla, a sheoladh.

Tá sé mar chuspóir ag an Scéim Teanga cuir leis an líon agus forbairt a dhéanamh ar an raon agus caighdeán seirbhísí trí Ghaeilge a bheas ar fáil don phobal ón Institiúid. Tá scoileanna, ranna agus seirbhísí ar fud na hInstitiúide tar éis gealltanais a aontú leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta maidir le forbairt soláthair seirbhísí trí Ghaeilge go ceann trí bliana.

Baineann príomhghealltanais na Scéime Teanga le forbairt a dhéanamh ar chláir acadúil trí Ghaeilge agus le soláthar traenalá in inniúlacht agus i bhfeasacht teanga d’fhoireann na hInstitiúide chun tús a chur leis an bpróiseas chun seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge ó seo go dtí 2015. Beidh níos mó Gaeilge le fáil i bhfoilseacháin de chuid na hInstitiúide, in ábhair phoiblíochta, ar fhoirmeacha iarratais, i mbileoga eolais agus sna meáin.

Cuirfear méadú leis an méid Gaeilge a bheas le fáil ar láithreán Gréasáin agus seirbhísí idirghníomhacha ar líne na hInstitiúide; cuirfear tús le seirbhís do chustaiméirí trí Ghaeilge i bpríomhionaid phoiblí san Institiúid agus cuirfear an Ghaeilge chun cinn ar champas Ghráinseach Ghormáin agus i saol na mac léinn ar fud na hInstitiúide go ceann trí bliana.

I láthair na huaire, tá os cionn 200 mac léinn ag staidéar ar réimse leathan de chláir Ghaeilge lena n-airítear an MA páirtaimseartha sa Ghaeilge Fheidhmeach agus na cláir lánaimseartha chéime in Iriseoireacht le Gaeilge agus i Scannánaíocht agus Craoltóireacht le Gaeilge ó Scoil na dTeangacha agus Scoil na Meán in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath. Tá go leor modúil éagsúla Ghaeilge le fáil chomh maith ó Scoil na Bainistíochta Fáilteachais agus na Turasóireachta; ón Scoil Ealaíona Cócaireachta agus Teicneolaíocht Bia; ó Ardscoil an Cheoil agus na Drámaíochta agus ó Scoil na nEolaíochtaí Sóisialta agus an Dlí.

Bunaíodh Oifig na Gaeilge; oifig tiomnaithe do chur chun cinn agus forbairt na Gaeilge in ITBÁC i 2006 agus beidh sé mar chúram ar an oifig feidhmiú Scéim Acht na dTeangacha Oifigiúla agus forálacha an Achta a éascú san Institiúid. Eagraíonn Oifig na Gaeilge, Scéim Cónaithe Gaeilge na hInstitiúide; scéim a chuireann scoláireachtaí ar fáil do mhic léinn le Gaeilge chun cónaí le chéile trí mheán na Gaeilge chomh maith le go leor deiseanna do bhaill foirne agus do mhic léinn chun Gaeilge a fhoghlaim, a fheabhsú agus a úsáid. Tá Cumann Gaelach bríomhar ag an Institiúid chomh maith a eagraíonn neart imeachtaí Gaeilge do mhic léinn i rith na bliana.

Is cinnte go gcuirfidh chéad Scéim Teanga, Acht na dTeangacha Oifigiúla Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath go mór leis an soláthar seirbhísí trí Ghaeilge ar fáil ón Institiúid. Cuirfear eolas ar fáil go rialta faoi na seirbhísí i nGaeilge a bheas ar fáil ó hITBÁC go ceann 3 bliana ar an laithreán Gréasáin www.dit.ie/gaeilge.
Is féidir teacht ar Scéim Teanga na hInstitiúide ag www.dit.ie/gaeilge agus tá tuilleadh eolais ar fáil ó Oifig na Gaeilge ag 01 4027043 / gaeilge@dit.ie.

Tuilleadh Eolais:
Siobhán Nic Gaoithín, Oifigeach na Gaeilge, ITBÁC
01 4027043 / 087 9807288 / gaeilge@dit.ie / www.dit.ie/oifignagaeilge