Méid an Téacs

Scléip agus Siansa … ardán don óige le Gael Linn!

Meán Fómhair 27, 2018

Tá deis iontach á thabhairt do dhéagóirí a gcuid dtalainne a léiriú ar ardán trí chomórtais Gael Linn, Scléip (comórtais ceoil agus rince comhaimseartha)  agus Siansa (comórtas do ghrúpaí ceoil traidisiúnta).

Is éard atá i Scléip ná comórtas tallainne spreagúil agus spraíúil atá dírithe go sonrach ar na hiar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge. Cuireann sé béim ar na healaíona comhaimseartha agus ar chruthaitheacht agus ar chumadóireacht na rannpháirtithe. Tugann sé deis do dhaltaí iar-bhunscoile ceol, amhráin agus rince a chur ar stáitse os comhair lucht féachana agus moltóirí proifisiúnta, in amharclanna ó cheann ceann na tíre.  Tá Scléip á mhaoiniú ag Foras na Gaeilge.

Dé Máirt, 20 Samhain 2018: An Taibhdhearc, Gaillimh

Dé Céadaoin, 21 Samhain 2018: Amharclann an Ionaid Óige, Mainistir Fhear Maí, Co. Chorcaí

Dé Máirt, 27 Samhain 2018: Amharclann an Alley, An Srath Bán, Co. Thír Eoghain

Déardaoin, 29 Samhain 2018: Amharclann Clasach, Cluain Tarbh, BÁC

Craobh na hÉireann 

Dé Céadaoin 30 Eanáir 2019, Amharclann Clasach, Cluain Tarbh, BÁC

Na Comórtais

1. Amhránaíocht Aonair Chomhaimseartha, le féintionlacan (Sóisear agus Sinsear)

2. Amhránaíocht Aonair Chomhaimseartha, le tionlacan ó Fhuaimrian Taca  (Sóisear agus Sinsear) NUA !

3. Grúpa Amhránaíochta Comhaimseartha, le féintionlacan (Sóisear agus Sinsear)

4. Ceol Aonair Comhaimseartha (Sóisear agus Sinsear)

5. Slua-amhránaíocht (Comórtas amháin)

6. Rince Cruthaitheach – Grúpaí (Sóisear agus Sinsear)

Chun iomaitheoirí a iontráil i Scléip 2019 téigh chuig www.gael-linn.ie/scleip   (Spriocdáta iontrála – 24 Deireadh Fómhair 2018).

 Is comórtas do ghrúpaí traidisiúnta é Siansa atá á reáchtáil ag Gael Linn, le tacaíocht ó RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Irish Music Magazine, chun spreagadh agus ardán a thabhairt don chuid is fearr de ógthallann cheoil agus amhránaíochta traidisiúnta na tíre, trí mheán na Gaeilge.

• Bíonn fáilte roimh iontrálacha ó scoileanna, ó eagrais/clubanna ceoil, nó fiú is féidir le cairde teachtle chéile mar ghrúpa. Níl aon teorann leis an líon grúpaí a cheadófar do scoil/chlub nó eile a iontráil.

• Daoine óga atá os cionn 12 agus faoi bhun 19 mbliana d’aois ar 1 Eanáir 2019 atá i dteideal cur isteach ar an gcomórtas
• Caithfidh idir 6 agus 8 ball a bheith i ngach grúpa.

• Beidh táille iontrála €20/£20 le híoc ag gach grúpa.

• Iarrtar ar ghrúpaí clár nó teaglaim leanúnach de cheol traidisiúnta idir 10 agus 12 nóiméad ar fhad, le hamhrán amháin i nGaeilge mar chuid de, a chóiriú go samhailteach agus a thaifead. Is gá na taifeadtaí a bheith ag Gael Linn roimh 4 Nollaig 2018.

• Éisteoidh léirmheastóir le gach taifead agus roghnófar grúpaí de réir a gcaighdeáin chun páirt a ghlacadh i gceardlanna aon lae. Ceoltóirí /amhránaithe aitheanta a bheidh i mbun na gceardlann agus cuirfidh siad comhairle ar na grúpaí faoi ghnéithe éagsúla dá léirithe. Reáchtálfar na ceardlanna idir Dé hAoine, 8 agus Dé Luain 11 Feabhra 2019 i gceithre ionad éagsúla ar fud na tíre.

• As na ceardlanna seo, roghnófar 8 ngrúpa chun páirt a ghlacadh sa Chraobh ar anDomhnach, 7 Aibreán 2019 sa Cheoláras Náisiúnta i mBaile Átha Cliath.

• Bronnfar príomhdhuais €2,500 agus Trófaí Gael Linn ar na buaiteoirí. Bronnfar €1,250 orthu siúd a thagann sa dara háit agus €750 don triú háit.

Chun grúpa a iontráil i Siansa 2019 téigh chuig www.gael-linn.ie/siansa  (Spriocdáta iontrála – 26 Deireadh Fómhair 2018)

Siansa2019 Scléip2019