Méid an Téacs

Scléip Gael Linn 2015 faoi lánseoil!

Samhain 26, 2014

Cuireadh tús spleodrach le Scléip Gael Linn 2015 i mBaile Átha Cliath le déanaí – comghairdeas leis na hiomaitheoirí uilig a bhí rannpháirteach !

Is éard atá i Scléip ná comórtas tallainne spreagúil agus spraíúil atá dírithe go sonrach ar na hiarbhunscoileanna lán-Ghaeilge. Cuireann sé béim ar na healaíona comhaimseartha agus ar chruthaitheacht agus ar chumadóireacht na rannpháirtithe. Bíonn deis ag daltaí ceol, amhráin, cóiréagrafaíocht agus sceitsí nuachumtha a chur ar stáitse os comhair lucht féachana agus moltóirí proifisiúnta, in amharclanna ó cheann ceann na tíre.

Reáchtáladh réamhbhabhta réigiúnach an oirthir de Scléip in amharclann Clasach, Fionnradharc, Baile Átha Cliath ar an Mháirt, 24 Samhain. Bhí Gaelcholáistí ó Bhaile Átha Cliath – Coláiste Cois Life, Leamhcán, Coláiste de hÍde, Tamhlacht, Coláiste Ghlór na Mara, Baile Brigín, Coláiste Chilliain, Cluain Dolcáin, Gaelcholáiste Reachrann, Domhnach Míde, Coláiste Íosagáin, Baile an Bhóthair agus Scoil Chaitríona, Glasnaoin – mar aon le Meánscoil Gharman, Inis Córthaidh, Gaelcholaiste Chill Dara, Nás na Ríogh agus Coláiste Pobail Osraí, Cill Chainnigh, i láthair. Cuireadh míreanna de ardchaighdeán ar stáitse i ngach comórtas, agus thug na moltóirí, Cian Mac Cárthaigh agus Sibéal Davitt, ard-mholadh do na ceoltóirí, aisteoirí agus rinceoirí uilig a chur taispeántais iontacha os comhair an lucht féachana mhóir. Rachaidh na buaiteoirí a leanas ar aghaidh go dtí an craobhchomórtas ar an 24 Eanáir 2015, san ionad céanna.

Sceitse -Sóisear: Coláiste Cois Life, Leamhcán
Sceitse – Sinsear: Gaelcholáiste Reachrann, Domhnach Míde
Rince Cruthaitheach –Aonair (Sóisear): Síofra Ní Luing, Gaelcholáiste Chill Dara, Nás na Ríogh
Rince Cruthaitheach – Grúpaí ( Sóisear ): Cillian, Mia agus Chloe, Coláiste Cois Life, Leamhcán
Rince Cruthaitheach – Grúpaí (Sinsear): Laoise, Tara agus Holly, Coláiste Cois Life, Leamhcán
Ceol Comhaimseartha –Aonair ( Sóisear): Affia Ní Fhaoláin, Coláiste de hÍde, Tamhlacht & Andi Snyder, Coláiste Pobail Osraí, Cill Chainnigh
Ceol Comhaimseartha – Aonair ( Sinsear ): Sophia Desay, Coláiste Íosagáin, Baile an Bhóthair & Eoin Snyder, Coláiste Pobail Osraí, Cill Chainnigh
Ceol Comhaimseartha -Grúpaí (Sóisear): Emma de Róiste agus Annmarie Benéid, Coláiste Íosagáin,Baile an Bhóthair & ‘Na Fómharaigh’, Coláiste Pobail Ráth Chairn
Ceol Comhaiseartha – Grúpaí ( Sinsear ): ‘Na hEochracha’, Scoil Chaitríona, Glasnaíon & ‘An bhuíon gan Chewy’, Meánscoil Gharman, Loch Garman
Comórtas Ilchineálach -Aonair agus Grúpa ( Sóisear): Grúpa aclaíochta Choláiste Cois Life, Leamhcán

Beidh réamhbhabhtaí réigiúnacha eile á n-eagrú i gCultúrlann Uí Chanainn, Doire ar an Déardaoin, 27 Samhain 2014, sa Firkin Crane, Corcaigh, Déardaoin, 4 Nollaig, 2014, agus i dTaibhdhearc na Gaillimhe ar an Aoine, 5 Nollaig, 2014, agus fógrófar na torthaí in am tráth !

Coinnigh súil amach ar leathanach Facebook Scléip Gael Linn do ghrianghraif ó na hócáidí éagsúla.

NaEochracha.1

unnamed

unnamed (1)

unnamed (2)