Méid an Téacs

Seisiún Plé agus Forbairt Tuisceana ar an Tumoideachas

Bealtaine 26, 2017

Seisiún Plé agus Forbairt Tuisceana ar an Tumoideachas

Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, an Cheathrú Rua,
Céadaoin 31ú Bealtaine 2017 19.00

Comhthéacs: An Polasaí don Oideachas Gaeltachta agus an Fhoirm Léirithe Spéise

Tá sé i gceist ag Gaeloideachas cruinniú breise sa tsraith chruinnithe ar an tumoideachas i gcomhthéacs an pholasaí nua don Oideachas Gaeltachta a reáchtáil ar 31ú Bealtaine ag 19.00 in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua, Gaillimh.

Cuirfear fóram plé ar fáil do phobail na scoileanna Gaeltachta le linn an chruinnithe mar ullmhúchán don spriocdháta atá rompu le hiarratas a chur isteach le bheith páirteach sa scéim aitheantais mar scoil Ghaeltachta. Tabharfaidh an cruinniú seo deis bhreise do scoileanna – idir baill foirne, tuismitheoirí agus pobail uile na scoileanna a gcuid tuairimí, ábhair imní agus ceisteanna a ardú agus comhairle a fháil óna chéile. Beidh saineolaithe ar an tumoideachas i láthair an chruinnithe, a thabharfaidh léargas ar choincheap agus cur chuige an tumoideachais agus a bheidh ar fáil le ceisteanna a fhreagairt ina leith. Fáilte roimh chách! Bígí Linn!