Seoltar Seachtain na Gaeilge ó cheann ceann na tíre
Feabhra 17, 2014
Beidh Seachtain na Gaeilge ar siúl ó 1 – 17 Márta leis na mílte imeacht in Éirinn agus thar lear chun an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach a cheiliúradh.
Is iad an peileadóir Ciarán Kilkenny agus láithreoirí Máire Treasa Ní Dhubhghaill agus Lynette Fay ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge 2014 agus tháinig siad le chéile inniu chun an fhéile a sheoladh ó cheann ceann na tíre.
Osclófar Seachtain na Gaeilge ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i gCill Airne, Dé Sathairn, 1 Márta ag 14.30 le féile sráide go 16.30 agus ceolchoirm saor in aisce ón mbanna ceoil aitheanta, Seo Linn, a bhí le feiceáil sna físeáin de chuid Choláiste Lurgan i rith an tsamhraidh.
Beidh Rith 2014, an t-ollrith náisiúnta ó Bhaile Bhúirne go Béal Feirste, ar siúl ó 7 – 15 Márta agus beidh go leor imeachtaí eile i ngach contae sa tír. Agus na mílte imeacht ar siúl idir 1 – 17 Márta, beidh deis ag an bpobal ar fad sult a bhaint as an bhféile agus as an nGaeilge, is cuma má tá cúpla focal agat nó a lán.
Freastlóidh ambasadóirí na féile ar imeachtaí ar fud na hÉireann agus ag cur na féile agus na Gaeilge chun cinn le linn Sheachtain na Gaeilge.
Agus é ag caint ar a ról mar ambasadóir, dúirt Ciarán Kilkenny go bhfuil an Ghaeilge an-tábhachtach dó agus go mbaineann sé úsáíd aisti “gach uair a bhíonn deis agam.”
“Beidh mé páirteach i lá Gaeilge agus cluiche atá á eagrú ag mo chlub, Caisleán Cnucha, leis an gclub, Na Gaeil Óga, ar 1 Márta. Táimid ag súil le slua breá ar an lá agus leis an nGaeilge a bheith mar chroí-lár na hócáide.”
Dúirt Máire Treasa Ní Dhubhghaill go mbeidh sise freisin ag dul chuig go leor imeachtaí agus ag bualadh le pobail éagsúla agus daltaí scoile. “Táimid ag iarraidh ar dhaoine Seachtain na Gaeilge a úsáid mar dheis chun níos mó Gaeilge a úsáid agus tá rud ann do chuile dhuine leis an réimse imeachtaí a bheidh ar siúl.”
Tá Lynette Fay ag dúil go mór le Ceiliúradh Phobal Gaeilge Bhéal Feirste a chuirfidh críoch oifigiúil le Seachtain na Gaeilge ar Lá Fhéile Pádraig. “Beidh mé mar bhean an tí ag an ócáid i Halla na Cathrach agus beidh ceol, amhránaíocht, damhsa agus craic d’óg agus d’aosta,” arsa Lynette.
Is iad grúpaí pobail, scoileanna, údaráis áitiúla, leabharlanna, eagraíochtaí cultúir, spóirt agus ceoil, agus grúpaí eile nach iad a eagraíonn imeachtaí Sheachtain na Gaeilge mórthimpeall na hÉireann agus an domhain.
Tá liosta imeachtaí na féile ar fáil ar www.snag.ie agus ar aip na féile, SnaG 2014, atá ar fáil le híoslódáil saor in aisce ar iTunes agus ar Google Play. Is féidir Seachtain na Gaeilge a leanúint ar Facebook (SeachtainnaGaeilge) agus ar Twitter (@SnaGaeilge).
Brenda Ní Ghairbhí
Bainisteoir, Seachtain na Gaeilge
+353 (0)86 3649776 / +353 (0)1 4757401 / brenda@cnag.ie