Méid an Téacs

SICÍN le Máiréad Mag Uidhir

Meán Fómhair 26, 2012

Foilsithe i 2012 ag Linden Publishing
(rian de ASHFIELD PRESS, Baile Átha Cliath)
Léaráidí: Mary agus Emma Gilleece
Aistrithe go Gaeilge ag Mícheál Ó Ruairc
24 leathanach.

Is leabhar beag álainn do pháistí é ‘Sicín’. Tá scéal iontach ann faoi ghearrchaigh bheaga atá ar tí an nead a thréigean. Tá trí cinn de ghearrchaigh ann ar fad: Mattie, Jenny agus Tiny. Tarlaíonn na heachtraí sa scéal ar an Lá Speisialta a bhfuil na héin bheaga chun dul ag eitilt agus an nead a fhágáil don chéad uair ina saol. Is é Tiny laoch an scéil. Ceapann gach éinne nach bhfuil sé cróga go leor chun dul ag eitilt as a stuaim féin ach cuireann sé an dubh ina gheal orthu go léir!

Is laochscéal beag deas é seo do pháistí san aoisghrúpa 4 – 8. Is scéal simplí, greannmhar deascríofa é faoi conas gur féidir snámh in aghaidh an tsrutha agus tá ceacht tábhachtach le foghlaim ann: is féidir le gach duine a bheith ina laoch sa saol má tá sé/sí cróga go leor. Tá an leabhar maisithe go hálainn le léaráidí deasa, daite ag Mary agus Emma Gilleece. Bheadh an leabhar seo an-oiriúnach sa rang do pháistí bunscoile san aoisghrúpa 4 – 8.

Rugadh agus tógadh an t-údar Máiréad Mag Uidhir i Luimneach. Chaith sí a saol ag múineadh ina cathair dhúchais, ag teagasc leanaí le Riachtanais Speisialta i Scoil Naomh Iosaf i Lios na Groí ar dtús agus ina dhiaidh sin ar feadh tríocha bliain i Scoil Íde, Corrbhaile. Bhí uirthi éirí as an mhúinteoireacht sa bhliain 2009 nuair a fuair sí amach go raibh Seargadh Matánach Dromlaigh (MSA) uirthi.