Sparánachtaí taighde 2011
Aibreán 20, 2011
Fáilteoidh an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta roimh thairiscintí ó mhic léinn dochtúireachta (Phd) nó ó thaighdeoirí eile do sparánachtaí taighde ar mhaithe le taighde a dhéanamh ar ábhar a bhaineann lena feidhmeanna reachtúla (oideachas trí mheán na Gaeilge agus teagasc na Gaeilge). Féach www.cogg.ie
Is fiú suas le €15,000 in aghaidh na bliana go ceann 3 bliana gach sparánacht a bhronnfar.
Seol chuig pol@cogg.ie iarratais ag tabhairt eolais faoi: ábhar an taighde; an foras cáiliúcháin; maoirseoirí an taighde; amscála an taighde; aon taighde mór eile sa réimse céanna; agus aon eolas ábhartha eile.
Ní ghlacfar le haon iarratas i ndiaidh 4pm Dé Luain 16 Bealtaine 2011.