Méid an Téacs

Spriocdháta d’iarratais do Chlár an Bhrait Buí ar an 31 Bealtaine!

Bealtaine 30, 2012

Cláraigh anois do Chlár an Bhrait Buí a bheidh ar siúl ó Meán Fómhair 2012 go Meitheamh 2013.

Tá  Gluaiseacht Taistealaithe na hÉireann ag iarraidh scoileanna nua a earcú a bhfuil suim acu páirt a ghlacadh i gClár an Bhrait Buí sa tréimhse Meán Fómhair 2012 go Meitheamh 2013. Cuireann an clár comhionannas agus éagsúlacht chun cinn sna scoileanna. Tá tuilleadh eolais ar Chlár an Bhrait Buí ar fáil ar an láithreán gréasáin www.yellowflag.ie.

Bhí 3 ghaelscoil páirteach sa scéim anuraidh; Gaelscoil Riabhach, Co. na Gaillimhe, Gaelscoil an Bhradáin Feasa, Co. na Mí agus Gaelscoil Mhichíl Cíosóg, Co. an Chláir. Ba mhór le Gluaiseacht Taistealaithe na hÉireann níos mó scoileanna lán-Ghaeilge a mhealladh le páirt a ghlacadh ann. Tá lámhleabhar na scéime ar fáil i nGaeilge buíochas le tacaíocht ó COGG agus is féidir é a íoslódáil anseo: http://www.yellowflag.ie/images/misc/Irish_Travellers_v7_Irish.pdf.

Tá oiliúnóirí le Gaeilge ar fáil leis na ceardlanna a dhéanamh le scoileanna agus le tuismitheoirí chomh maith.

Tá foirmeacha iarratais ar fáil le híoslódáil ó láithreán gréasáin nua www.yellowflag.ie. Is é an dáta deiridh d’iarratais 31 Bealtaine, 2012, ach más mian leat fiú do spéis a léiriú ann thar ceann na scoile tá gach fáilte romhat teagmháil a dhéanamh le Paula Madden ar ríomhphost yellowflagprogramme@gmail.com nó ar 01 6796577.

Irish Traveller Movement
4-5 Eustace Street, D2
Tel: 01 6796577 or 0872410258