Méid an Téacs

Spriocdháta phróiseas chomhairliúcháin an CNCM ag druidim

Samhain 29, 2013

Beidh an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) ag glacadh le haighneachtaí go dtí 20 Nollaig 2013 maidir le cúlra athbhreithniú an chúrsa Gaeilge nua don Teastas Sóisearach.

Fógraíodh mí Dheireadh Fómhair na bliana seo caite go ndéanfar leasú mór ar an Teastas Sóisearach. Tiocfaidh na socruithe nua i bhfeidhm ar bhonn céimiúil do mhuintir na chéad bliana ó 2014 agus tabharfar faoin scrúdú nua den chéad uair in 2017.
In áit chúrsa reatha an Teastais Shóisearaigh atá bunaithe ar chlár a fhoghlaimítear de ghlanmheabhair, measúnófar obair na ndaltaí ar bhonn leanúnach. De réir an chórais nua, tabharfaidh daltaí scoile faoi 8 n-ábhar ar a laghad agus 10 n-ábhar ar a mhéid idir ábhair thraidisiúnta agus ‘chúrsaí gearra’ mar shampla an tSínis, an Corpoideachas nó Litearthacht sna Meáin Dhigiteacha. Beidh clár na sraithe sóisearaí faoi chinneadh na scoile agus déanfar a rogha ábhar agus cúrsaí gearra a fhreastalóidh ar riachtanais áirithe dhaltaí na scoile sin a chur ar fáil.
Soláthróidh an Roinn Oideachais réimse leathan ábhar mar ‘cúrsaí gearra’ agus beifear ag súil go roghnóidh scoileanna réimse leathan ábhar a dhéanfaidh cumas agus smaointeoireacht na ndaltaí a fhorbairt agus a spreagfaidh múinteoirí le bheith nuálach agus slite foghlama cruthaitheacha a chur chun cinn sa seomra ranga. Táthar ag súil go mbeidh na daltaí, seachas na scrúduithe, ag croílár chur chuige mheasúnú an Teastais Shóisearaigh leasaithe.
Beidh an Ghaeilge, an Béarla agus an Mhatamaitic mar chroí-ábhair faoin gcóras nua agus tá fógartha go mbeidh an Eolaíocht ina croí-ábhar sa bhliain 2016.
Tá an Ghaeilge ar cheann d’ábhair Chéim 2, mar aon leis an Staidéar Gnó agus an Eolaíocht, a thabharfar isteach do scoláirí na chéad bhliana i bhfómhar 2015. Is é an Béarla an t-aon ábhar athbhreithnithe a thiocfaidh isteach bliain roimh Chéim 2. Foilseofar an sonrúchán nua don Ghaeilge i bhfómhar 2014, bliain sula dtabharfar isteach struchtúr nua an ábhair.
Iarrtar ar rannpháirtithe aighneacht a chur chuig consultation@ncca.ie agus tabharfar rogha suirbhé mear nó suirbhé iomlán a chomhlánú ar shuíomh an chomhairliúcháin roimh 20 Nollaig 2013.
Reáchtálfar tréimhse eile comhairliúcháin in earrach 2014.

Is féidir treoir agus cáipéisí uile an chomhairliúcháin a fháil anseo.

Foilsithe ar Gaelport.com