Méid an Téacs

Ticéid do Siansa Gael Linn le buachan

Márta 26, 2013

Beidh Craobhchomórtas Siansa Gael Linn ar siúl sa Cheoláras Náisiúnta i mBaile Átha Cliath ar an Domhnach, 14 Aibreán 2013 agus an tseachtain seo, beidh deis iontach ag beirt dhá thicéad an duine a bhuachan do Siansa Gael Linn na bliana seo.

Is comórtas é Siansa Gael Linn do ghrúpaí traidisiúnta. Tá an comórtas ar an bhfód breis is deich mbliana anois agus déanann an comórtas áirithe seo an-spreagadh agus ardán a thabhairt don chuid is fearr d’ógthallann ceoil agus amhránaíochta traidisiúnta na tíre.

Beidh ocht ngrúpa as iar-bhunscoileanna éagsúla as Co. na Gaillimhe, Co. Dhoire, Baile Átha Cliath, Co. Phort Láirge, Luimneach agus as Sligeach ag glacadh páirte sa chomórtas sa Cheoláras Náisiúnta ar an oíche agus gach bliain bíonn caighdeán den scoth ag na grúpaí a bhíonn i gcoimhlint lena chéile.

Ag moltóireacht ar Siansa na bliana seo beidh an ceoltóir aitheanta as Tír Chonaill, Ciarán Ó Maonaigh a bhíonn ag seinm leis an ngrúpa iomráiteach Fidil, an ceoltóir Breanndán Ó Beaglaoich as Baile na bPoc i gCorca Dhuibhne a bhíonn ag seinm leis na grúpaí Boys of the Lough agus Beginnishan agus beidh an ceoltóir iomráiteach Mary Bergin ón ngrúpa Dordán ina gcuideachta ar an oíche.

Anuraidh ba iad an grúpa Teaspach ó Scoil Ghraiméar Shligigh a bhain amach an chraobh lena gceol bríomhar agus amhráin bhinne agus i mí Eanáir ghlac siad páirt sa Templebar Tradfest sa Ardchathair.

Tá an-áthas ar Gael Linn atá ag ceiliúradh 60 bliain ar an bhfód i mbliana, go mbeidh Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUiginn mar phríomhaoi ag craobhchomórtas Siansa i mbliana. Craolfar an cheolchoirm beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar an Domhnach, 14 Aibreán ag 7.30 pm agus is í Áine Hensey ón stáisiún sin a bheidh mar láithreoir.

Ceist na seachtaine seo:

Cá mbeidh Craobhchomórtas Siansa Gael Linn ar siúl i mbliana?

• Ceoláras Ollscoil Luimnigh
• Sa Cheoláras Náisiúnta
• Cultúrlann McAdam Ó Fiaich
• Áras Ceoldráma Loch Garman

Seol freagraí agus ainm do scoile chuig an seoladh ríomhphoist seo a leanas: duais@comhdhail.ie roimh mheán lae, 03 Aibreán 2013 agus bíodh na focail “Comórtas Gaelport” mar ábhar an ríomhphoist.

Comhghairdeas le Anraí Mac Fhlannchadha as Baile Átha Cliath a bhuaigh an duais san eagrán seo caite.

Tá Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge fíorbhuíoch de Gael Linn a bhronn na duaiseanna iontacha seo orainn.

Chun ticéad a chur in áirithe don ócáid, ní gá ach dul i dteagmháil leis an gCeoláras Náisiúnta ag 01:417 00 00 nó www.nch.ie – ná caill oíche den scoth!

Foilsithe ar Gaelport.com