Méid an Téacs

Tionscnamh bunscoile – Oileán an Bhulla

Meitheamh 24, 2014

Nach mór 7 gciliméadair ó lár Bhaile Átha Cliath tá Oileán an Bhulla. Tá sé suite i mBá Átha Cliath agus bíonn na mílte daoine ag tabhairt cuairt air gach lá. Téann daoine ag siúl agus ag súgradh ar an oileán álainn seo. Téann daoine ag imirt gailf agus ag snámh agus le déanaí ag déanamh surfáil-ghaoithe ann.

Tá an leabhrán seo dírithe ar scolairí na Bunscoile. Baineann an t-eolas ann leis an nádúr atá le feiceáil go luath sa samhradh. Phiocamar an séasúir seo mar gur féidir le rang dul chuig an Oileán chun staidéar imshaoil a dhéanamh thart faoin am sin.

Phiocamar trí shuíomh chun staidéar faoi leith a dhéanamh orthu.

A An Riasc Goirt L 1 – 6
B Na Dumhcha Féaracha L 7 – 10
C An Trá L 11 – 14

Sna trí shuíomh seo faightear an-chuid den dúlra, idir phlandaí, shliogáin, agus éin. Chuireamar béim ar ocht ngné nádurtha i ngach ceann de na suímh dhifriúla seo. Tá níos mó gnéithe le feiceáil sna suímh seo ach nílimid chun an iomarca a bhrú isteach sa tionscnamh áirithe seo.

Roimh chuairt a thabhairt chuig an Oileán ullmhaigh tionscnamh sa rang roimh ré. Ansin nuair a bhíonn sibh ar an Oileán bainfidh sibh níos mó tairbhre as an turas. Ar an turas tabhair an leabhrán seo libh, comh maith le pinn dhaite, déshúiligh (binoculars) agus ceamara. Aimsigh an bláth nó éan nó sliogán, agus cuir tic faoin bpictiúr i do leabhrán ag taispeáint go bhfaca tú é. Déan sceits de agus dathaigh é. Tá roinnt sceitseanna le dathú ar chúl an leabhráin seo L 15.

Tá Ionad Eolais tógtha ar an Oileán ag Comhairle na Cathrach (féach an léarscáil L1) agus is fiú cuairt a thabhairt air seo, chun eolas breise a bhailiú. Fágann Bus Átha Cliath, an 130, ó Sráid na Mainistreach i lár na cathrach go rialta agus fágtar tú an-chongárach don Oileán. Uaidh sin is gá duit siúl thar an Droichead Adhmaid nó an Cabhsa, chun an tOileán a shroicheadh (féach an léarscáil). Is féidir le bhur mbus féin taisteal chuig an Oileán ar an gCabhsa agus pairceáil in aice leis an Ionad Eolais.

Tá súil againn go mbainfidh sibh tairbhre as an leabhrán seo. Táimid cinnte go mbainfidh sibh an-taitneamh as cuairt a thabhairt ar an Oileán.

Ba mhaith linn ár mórbhuíochas a ghabháil do Pheadar Ó Báille, as ucht na moltaí agus na ceartúcháin a rinne sé sa théacs.

Seán Ó Coileáin
Proinsias Mac an Bheatha

Is féidir an leabhrán a íoslódáil anseo: Oileán an Bhulla – Tionscnamh Ranga