Méid an Téacs

Tosú sa Ghaelscoil – cúpla nod don tuismitheoir le Gaeilge

Lúnasa 27, 2018

Athrú mór agus clochmhíle an-tábhachtach i saol an pháiste is ea tosú ar an mbunscoil. Caithfidh siad dul i dtaithí ar áit nua, mhúinteoir nua, ghnáthamh nua agus chairde nua. Le roinnt bheag ullmhúcháin agus spreagadh uait, áfach, socróidh do pháiste isteach go luath. Tá go leor moltaí iontacha agus taighde déanta ar nithe ginearálta gur féidir a dhéanamh sa bhaile le hullmhú don chéad lá scoile, ach seo cúpla nod bhreise do thuismitheoirí a bhfuil Gaeilge acu maidir le conas ullmhú don chéad lá sa Ghaelscoil:

Bí dearfach! Léirigh do do pháiste go bhfuil tú ag tnúth go mór leo tosú ar an scoil. Cabhróidh sé seo leis an bpáiste bheith ar bís faoina bhfuil os a c(h)omhair. Bí muiníneach as an gcinneadh atá déanta agat maidir le hoideachas do pháiste agus meabhraigh duit féin cé na cúiseanna ar roghnaigh tú an scoil áirithe seo dóibh.

Léigh arís maidir le buntáistí an tumoideachas lán-Ghaeilge do gach páiste. Cabhróidh an scoil le cumas Gaeilge do pháiste a shaibhriú agus tógáil ar an méid atá sealbhaithe acu sa bhaile. Cuirfidh sé lena scileanna cumarsáide, tuisceana, ceistiúcháin agus anailíse freisin, agus beidh sé níos éasca orthu teangacha eile a fhoghlaim amach anseo, an Béarla san áireamh. Cabhróidh do mhuinín agus meon dearfach le do pháiste bheith ar a s(h)uaimhneas agus muiníneach don chéad lá.

Bí ag caint! Tá sé an-tábhachtach caint go dearfach faoin scoil le do pháiste agus na rudaí éagsúla a bheidh ar siúl aige/aici. Tugann sé seo deis dó/di caint faoi na rudaí a bhfuil siad ar bís fúthu agus aon ní eile atá ag cur imní air/uirthi a phlé. Cuir béim ar na nithe iontacha a bhaineann le saol na scoile: cairde nua, gníomhaíochtaí spraíúla, leabhair, amhráin agus cluichí nua.

Labhair faoi theangacha sa bhaile le béim a chur ar an teanga/na teangacha a úsáideann an páiste sa bhaile agus an teanga a bheidh in úsáid acu ar scoil. Cabhróidh sé seo leis an bpáiste tuiscint a fhorbairt ar éagsúlacht teanga, éagsúlacht cumais, agus conas a chuireann daoine brí in iúl agus a dhéanann siad cumarsáid le daoine eile. Eagraíonn Mother Tongues (www.mothertongues.ie) go leor imeachtaí fiúntacha, seisiúin eolais agus ceardlanna do theaghlaigh ilteangacha – b’fhiú breathnú ar a bhfuil ar siúl acu.

Ní gá bheith buartha faoi chumas Béarla do pháiste. Tosóidh sé/sí ag foghlaim léitheoireacht agus scríbhneoireacht an Bhéarla de réir a chéile. Braitheann sé ó scoil go scoil cathain a thosóidh siad ag plé leis an mBéarla – tosaíonn roinnt scoileanna ar an mBéarla a mhúineadh go foirmiúil sna Naíonáin Sóisir, scoileanna eile sna Naíonáin Shinsir agus scoileanna eile i Rang a hAon. Léiríonn an taighde náisiúnta agus idirnáisiúnta go dtrasnóidh na scileanna léitheoireachta agus scríbhneoireachta a d’fhoghlaim siad trí Ghaeilge go nádúrtha go dtí an Béarla. Úsáidfidh do pháiste na bunscileanna atá foghlamtha acu sa Ghaeilge ar dtús sa Bhéarla anois agus beidh sé níos éasca dóibh an Béarla a fhoghlaim dá bharr. Ní hamháin go n-éiríonn níos fearr le páistí sna scoileanna lán-Ghaeilge sa Bhéarla ach éiríonn níos fearr leo sa Ghaeilge agus sa Mhata chomh maith!

Bí ag léamh! Is cuma cén teanga ina bhfuil tú á dhéanamh, tá sé tábhachtach nós na léitheoireachta agus grá do leabhair a chothú trí leabhair a léamh sa bhaile le do pháiste. Sa chaoi seo, beidh dearcadh dearfach ag do pháiste ina leith, agus seachnófar an baol go samhlódh siad go mbaineann léamh (agus scríobh) leis an scoil amháin, nó gur ‘obair’ atá ann.

Bain spraoi agus taitneamh as an léitheoireacht le chéile. Cabhróidh seo le do pháiste scileanna éisteachta, cumarsáide agus airde a fhorbairt. Tá go leor leabhar iontach Gaeilge ar fáil ó An Gúm, An Siopa Leabhar, Cló Iar Chonnacht, Futa Fata agus go leor comhlachtaí eile a gcuirfeadh lena stór focal, cruinneas agus saibhreas teanga. D’fhéadfadh sibh dul chuig an leabharlann le chéile agus ligean don pháiste leabhair dá rogha féin a phiocadh.

Seo roinnt scéalta Gaeilge atá bunaithe ar shaol na scoile: Bhí Oisín Ar Scoil, Bran agus a Mhúinteoir, Ná Gabh Ar Scoil!, agus Rírá i Seomra na Naíonán. B’fhiú siúl a chaitheamh ar an tSraith Bimís ag caint atá ar fáil ó Futa Fata chomh maith. Tá leabhair phictiúr an-mhaith freisin le cur le scileanna cainte agus comhrá faoin scoil a spreagadh – is féidir caint faoi na pictiúir go spraíúil le chéile. Glac sealanna – is féidir leis an páiste féin leabhar gan fhocail a léamh, agus is féidir leat sult a bhaint as an scéal a insíonn siad.

Bí ag spraoi! Beidh do pháiste ag foghlaim go leor rudaí nua trí mhodh an tsúgartha ar scoil. Más féidir bualadh agus spraoi le páistí eile, cabhróidh sé leo dul i dtaithí ar bhréagáin a roinnt agus babhtáil ar a chéile. Cabhraíonn an spraoi leo scileanna luaile, cumarsáide, cruthaitheachta agus fiosrachta a fhorbairt agus teacht ar thuiscintí nua ar an saol mórthimpeall orthu.

Tá go leor bealaí le spraoi a bheith agaibh tríd an nGaeilge sa bhaile. Is féidir éisteacht le rannta nó amhráin Ghaeilge le chéile, breathnú ar chláir do pháistí ar TG4 nó físeáin spraíúla ar líne, cluichí Gaeilge a imirt agus freastal ar imeachtaí do theaghlaigh le Gaeilge. Tá rogha mhór ann agus beidh do pháiste ag foghlaim gan fhios dó/di féin agus é/í ag tógáil ar a stór focal, scileanna litearthachta agus teanga de réir a chéile.

Lorg comhluadar! Má tá aon cheisteanna agat faoin scoil nó faoin gcóras lán-Ghaeilge, b’fhiú go mór labhairt le tuismitheoirí eile a bhfuil taithí acu ar an gcóras. Beidh siad in ann tú a chur ar do chompord agus labhairt faoin eispéireas a bhí acu go dtí seo, conas a chabhraíonn siad leis an obair bhaile agus na buntáistí a bhaineann leis an gcóras óna dtaithí phraiticiúil féin. Déan teagmháil le Coiste na dTuistí sa scoil, fiú mura bhfuil do pháiste ar scoil go fóill, agus fiosraigh maidir leis na tacaíochtaí a chuirtear ar fáil do thuismitheoirí na scoile.

Is bealach álainn le bualadh le teaghlaigh eile le Gaeilge ná freastal ar Pop Up Gaeltacht na nÓg nó imeachtaí a chuireann eagraíochtaí éagsúla Gaeilge ar siúl timpeall na tíre – Conradh na Gaeilge, Glór na nGael, Gael Taca, Tuismitheoirí na Gaeltachta, Muintearas agus An Carn ina measc. Feicfidh do pháiste go bhfuil go leor daoine eile timpeall orthu a bhfuil Gaeilge acu.

Bí ar do shuaimhneas! Tá sé nádúrtha imní a bheith ort maidir le do pháiste tosú ar an scoil mhór. Ach ná déan dearmad go bhfuil an-taithí ag na múinteoirí, na cúntóirí agus foireann uile na scoile ar seo gach bliain. Tabharfar an-aire do do pháiste agus déanfar gach iarracht cabhrú leis/léi socrú isteach go han-luath. Tá go leor cleasanna agus acmhainní ag múinteoirí a úsáideann siad le cinntiú go bhfuil na páistí sona sásta agus rannpháirteach san obair atá ar siúl, agus go dtuigeann siad a chéile. Luaigh aon ábhar imní leis an múinteoir nó le príomhoide na scoile, nó déan teagmháil le Gaeloideachas (www.gaeloideachas.ie) a chuireann tacaíocht agus comhairle ar fáil do phobail na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.