Méid an Téacs

Tús curtha le hobair ar scoil agus áiseanna spóirt nua do Bhunscoil Bheann Mhadagáin

Iúil 3, 2014

Bhain an tAire Oideachais, John O’Dowd, an chéad fhód inniu ag suíomh na forbartha nua £4 mhilliún do Bhunscoil Bheann Mhadagáin i dTuaisceart Bhéal Feirste.

Ag labhairt dó inniu faoi na háiseanna nua, arsa an tAire: “Tá áthas an domhain orm bheith ar an láthair ag tús na hoibre ar scoil úr agus ar na háiseanna spóirt a ghabhann léi do Bhunscoil Bheann Mhadagáin. Cuirfidh an scoil nua áiseanna úrscothacha ar fáil do dhaltaí agus don fhoireann agus is mór an difear idir iad agus na seomraí ranga sealadacha soghluaiste atá an scoil a úsáid faoi láthair.

“Le tús na tógála, tá tús le hinfheistíocht breis agus £2 mhilliún ó mo Roinnse agus £1.7 milliún ó Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste. Níl amhras ar bith orm ná go mbeidh tionchar dearfach ar bhaill foirne agus ar dhaltaí araon trí sholáthar timpeallacht foghlama chomhaimseartha fhorásach.”

Is bunscoil Ghaeilge chomhoideachais dheontaschúnta í Bunscoil Bheann Mhadagáin, suite faoi láthair i gcóiríocht ar cíos i mBéal Feirste. Aimsíodh suíomh faoi choinne scoil úr agus d’oibrigh an Roinn i gcomhpháirt leis an scoil agus le Comhairle Cathrach Bhéal Feirste le suíomh iar-Pháirc Chruicéid Cliftonville a fháil agus a fhorbairt.

Cuimseofar leis an fhoirgneamh úr páirc úr 3G faoi thuilsoilse le cois seomraí feistis uasghrádaithe a thig leis an scoil agus le clubanna áitiúla spóirt araon a úsáid.

“Trí chuimsiú áiseanna nua-aimseartha spóirt ag Bunscoil Bheann Mhadagáin, léirítear luach an spóirt inár gcuid scoileanna chomh maith le saol an phobail i gcoitinne i dTuaisceart Bhéal Feirste. Cruthaítear inniu an obair dhúthrachtach a rinne an scoil, CLG Ciceam Ard Eoin, CLG na bPiarsach agus bunadh na háite,” arsa Ard-Mhéara Bhéal Feirste, An Comhairleoir Nichola Mallon, a bhí i láthair fosta agus an fód á bhaint.

“Is é seo an chead chéim in infheistíocht níos leithne i soláthar spóirt ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste, le feabhsúcháin £14.1milliún beartaithe faoi choinne páirceanna spóirt ar fud na cathrach, trínár gClár Infheistíochta. Tá CLG ag cur ceithre shuíomh ar fáil fosta, lena n-áirítear £100,000 don fhorbairt iontach seo a chruthóidh, tá súil againn, sócmhainn luachmhar don scoil agus don phobal go ceann blianta fada.”

Mar fhocal scoir, thug an tAire aitheantas do dhúthracht agus tiomantas na ndaoine óga agus bhaill foirne na scoile. Ar seisean: “Is tús ré úr é seo do Bhunscoil Bheann Mhadagáin agus tá mé cinnte go bhfuil gach duine ag tnúth go mór leis. Guím rath ar gach duine san am atá le teacht agus tá mé ag dúil le teacht ar cuairt arís nuair a bheas an obair ar fad curtha i gcrích .”

www.comhairle.org