Méid an Téacs

Seónna spleodracha ar stáitse ag COIRM GAEL LINN !

Márta 31, 2016

Léiríodh seónna spleodracha ó Ghaelscoileanna fud fad na tíre ar stáitse ag féilte Coirm Gael Linn 2016 ! Bhí suas le 3,500 aisteoirí, ceoltóirí agus damhsóirí óga ar fad ar stáitse ag naoi gcinn de fhéilte a reáchtáladh in amharclanna ó Ard Mhacha go Trá Lí  i rith mhí Feabhra agus mhí an Mhárta  !  Roghnaigh gach scoil téama dá seó féin, agus bhí meascán de mhíreanna – drámaíocht, ceol, amhránaíocht, scéalaíocht, aithriseoireacht, rince agus a leithéid – i ngach ceann acu. Chomh maith le bheith ar stáitse iad féin, bhí deis ag na scoláirí seónna breátha ó scoileanna eile a fheiceáil.

Cé nach bhfuil comórtas i gceist le Coirm Gael Linn, bíonn léirmheastóir aitheanta i láthair ag gach féile a thugann moltaí scríofa do na múinteoirí ar conas barr feabhais a chur ar ghnéithe áirithe dá léirithe.  Anuas air sin, tugtar aitheantas (i bhfoirm gradaim) do sheónna nó do mhíreanna as seónna a léiríonn ardchaighdeán ag gach féile.  Ní bhíonn aon teorainn leis an líon gradam a mbíonn cead ag an léirmheastóir a bhronnadh agus bíonn cead aige/aici iad a bhronnadh ar ghrúpaí nó ar dhaoine aonair. I measc na léirmheastóirí a bhí ag na féilte éagsúla ar fud na tíre i mbliana bhí Síle Ní Dhuibhne, Gerry Motherway, Liam Mac an Mhaoir, Tomás Ó Nialláin agus Mairéad Ní Ghallchóir.  Thugadar ardmholadh do na múinteoirí díograsacha uilig a léirigh seónna de ardchaighdeán tríd síos.

Bhí  lucht féachana mór i láthair ag na hócáidí uilig, agus bhain an fear grinn ‘Giggles’ gáire as an lucht féachana mór a bhí i láthair lena chuid geaitsíochta idir mhíreanna !

Dúirt Seán Ó Ceallaigh, Bainisteoir Scéimeanna Náisiúnta Gael Linn:  “Tá áit lárnach ag Coirm Gael Linn ar an bhféilire bunscoile go bliantúil anois.  Trí ócáidí taitneamhacha, spraíúla a chur ar fáil, tá súil againn i nGael Linn spéis na bpáistí seo sa Ghaeilge a neartú agus deis a thabhairt dóibh í a chleachtadh lasmuigh den seomra ranga”.                

CRÍOCH

Tuilleadh eolais:  Niamh de Búrca 01:6753303/niamh@gael-linn.ie

Gaelscoil Thulach na nÓg

Scoláirí óga ó Ghaelscoil Thulach na nÓg, Dún Búinne ar stáitse ag Coirm Gael Linn san Áras Ealaíne, An Mhuileann gCearr. Ghnóthaigh a seó ‘An tAsarlaí ó Oz’, trí ghradam!

Bronnadh trí ghradam ar scoláirí Gaelscoil Eoghain Uí Thuairisc, Ceatharlach ag féile Coirm Gael Linn i Ros Mhic Thriúin  dá fheabhas a ndráma ‘Matilda’ – seo radharc as !

Bronnadh trí ghradam ar scoláirí Gaelscoil Eoghain Uí Thuairisc, Ceatharlach ag féile Coirm Gael Linn i Ros Mhic Thriúin dá fheabhas a ndráma ‘Matilda’ – seo radharc as !

Thug saighdiúirí óga ó Scoil Mhuire, An Turlach Beag, Rosmuc, trí ghradam leo dá ndráma ‘Bairbre’ le Pádraig Mac Piarais ag féile Coirm na Gaillimhe a reáchtáladh thar dhá lá in Amharclann na Cathrach.

Aisteoirí óga ó Ghaelscoil Mhic Easmainn, Trá Lí,  ag baint suilt as Coirm Gael Linn in amharclann Siamsa Tíre ar an mbaile !

Aisteoirí óga ó Ghaelscoil Mhic Easmainn, Trá Lí, ag baint suilt as Coirm Gael Linn in amharclann Siamsa Tíre ar an mbaile !

I measc na nduaiseoirí ag féile Coirm Gael Linn i Mainistir Fhear Muí, bhí scoláirí Ghaelscoil Dhochtúir  Uí Shúilleabháin, An Sciobairín, a léirigh an seó ‘Aladdin’.

I measc na nduaiseoirí ag féile Coirm Gael Linn i Mainistir Fhear Muí, bhí scoláirí Ghaelscoil Dhochtúir Uí Shúilleabháin, An Sciobairín, a léirigh an seó ‘Aladdin’.