Méid an Téacs

Sladmhargadh Chló Iar-Chonnacht

Meitheamh 28, 2013

Tá sladmhargadh samhraidh fógartha ag Cló Iar-Chonnacht agus bainfear 25% de phraghas dhlúthdhioscaí an chomhlachta, i siopa Chló Iar-Chonnacht in Indreabhán agus ar an suíomh www.cic.ie.

Tá lascaine 20% le fáil ar réimse leabhar do pháistí, agus do dhaoine fásta tá tairiscint speisialta ina bhfuil siad ag tabhairt amach fiche cúig phacáiste leabhar ar phraghas speisialta €200 an ceann, pacáil agus postáil go dtí áit ar bith in Éirinn san áireamh. Tá céad caoga leabhar sa phacáiste, chomh maith le Rí an Fhocail agus Máirtín Ó Cadhain sa gCnocán Glas agus an leagan drámata de Chré na Cille ina bhfuil ocht CD.

Tá Cló Iar-Chonnacht freisin ag tairiscint beart mór leabhar ar €290, de chuid Sáirséal Ó Marcaigh / Sáirséal agus Dill, mar aon le roinnt teideal ó Mercier, FNT agus Cló Chois Fharraige, pacáil agus postáil chuig aon áit in Éirinn san áireamh. Is féidir iad a cheannach ar líne anseo, ar an nguthán ag 091 593307, nó i siopa Chló Iar-Chonnacht, atá suite i bPáirc Ghnó Shailearna in Indreabhán.

www.advertiser.ie/galway

Foilsithe ar Gaelport.com 28 Meitheamh 2013

Galway Advertiser – Lár Sráide