Spraoi sa seomra ranga (agus taobh amuigh!)
Deireadh Fómhair 8, 2012
Ag an am seo nuair atá a lán nuachtán ag dul ‘chuig an bhalla’, tá dea-scéal le hinsint ag lucht na Gaeilge. Chaill ‘Foinse’ a dheontas roinnt blianta ó shin ach ní rabhthas ábalta páipéar maith a mharú. Tháinig sé ar ais, níos lú, ach níos láidre, cosúil le dornálaí maith. Dáiltear saor in aisce é leis an Irish Independent gach Céadaoin. In eagrán clóite ‘Foinse’, bíonn nuacht, gné-ailt agus spórt, chomh maith le hábhar oideachasúil do bhunscoileanna, d’iarbhunscoileanna agus d’fhoghlaimeoirí fásta. Ach níl foireann dhíograiseach ‘Foinse’ sásta le nuachtán seachtainiúil amháin: tá suíomh idirlín ag ‘Foinse’ (foinse.ie) a nuashonraítear gach lá. Tá réimse ollmhór ábhair oideachais Ghaeilge ar fáil ar an suíomh. Cuirfidh gach foghlaimeoir Gaeilge idir óg agus aosta suim san ábhar seo.
An tseachtain seo caite, d’fhógair www.foinse.ie seoladh sraithe nua d’acmhainní saor in aisce do mhúinteoiri agus do dhaltaí bunscoile i gcomhar le COGG (www.cogg.ie). Tá os cionn 200 acmhainn den scoth, ina measc crosfhocail, póstaeir, cluichí, líon na bearnaí agus pleananna ceachtanna do mhúinteoirí ar fáil ar líne. Tá na hacmhainní ar fad bunaithe ar théamaí curaclaim agus tá siad fóirsteanach do gach leibhéal.
I measc na n-acmhainní nua, tá póstaeir dhaite tharrraingteacha. Is féidir na póstaeir seo a úsáid ar an chlár bhán idirghníomhach agus le huasteilgeoir, ach is féidir iad a úsáid ar bhealach níos traidisiúnta fosta. Mar sin, téigh chuig www.foinse.ie agus gliogáil ar ‘Acmhainní’chun tús a chur le spraoi sa seomra ranga – agus taobh amuigh!
Ranganna Gaeilge i Magh
Tá cúpla áit ar fáil go fóill don rang 5.30 – 7.00 p.m i Halla Mhuire gach Máirt. Déan teagmháil leis an Áisionad: (00353) 749384572.
www.derryjournal.co.uk
Foilsithe ar Gaelport 8 Deireadh Fómhair 2012