Méid an Téacs

Tionól Gaeltachta ar oileán Árainn Mhóir

Meitheamh 27, 2013

Beidh Anna Ní Ghallachair, Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta, ina haoi-chainteoir ag an seimineár atá á eagrú ag Conradh na Gaeilge ag Tionól Gaeltachta an Chonartha ar oileán Árann Mhóir, Tír Chonaill.

Pleanáil teanga sa Ghaeltacht atá mar théama ag an seimineár, ócáid a bheidh ar siúl in ionad Chomharchumainn Árainn Mhóir ar 8.00in oíche Aoine, 5 Iúil.

Cuirfear tús le Tionól Gaeltacht Chonradh na Gaeilge tráthnóna Déardaoin seo chugainn, 4 Iúil agus beidh turas báid ar na hoileáin bheaga timpeall ar Oileán Árainn Mhóir ar cheann de bhuaicphointí an Tionóil.

Tá pacáiste speisialta ar phraghas €240 curtha le chéile ag Conradh na Gaeilge a chlúdaíonn leaba agus bricfeasta don deireadh seachtaine ón Déardaoin – Domhnach, béilí tráthnóna, turas ar na hoileáin Inis Doirn, Inis Cú & An tÍochtar, agus Inis Chaorach, seimineár, dráma agus na himeachtaí sóisialta ar fad.

Tá an Tionól arna eagrú i gcomhar le Comharchumann Oileán Árainn Mhóir le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta agus is féidir clárú don deireadh seachtaine ar www.cnag.ie/siopa.

www.advertiser.ie/galway
Foilsithe ar Gaelport.com 27 Meitheamh 2013

The Galway Advertiser – Lár Sráide, Peadar Mac Fhlannchadha